Ealaín na Gaeltachta Teo
Iarratais/Léirithe Suime á lorg do na scéimeanna seo leanas.
Scéim na bhFéilte Ealaíon 2014
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt/a sholáthar sa Ghaeltacht.
Spriocdháta: Dé hAoine 04 Aibreán 2014.
Scéim na bPríomhréimsí:
‘Scéim faoinár ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht’ *Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.
Spriocdháta: Dé hAoine 04 Aibreán 2014.
Oíche Chultúir 2014
Léirithe suime á lorg do thograí a bheadh mar chuid d’Oíche Chultúir a bheidh ar siúl i mí Meán Fómhair 2014.
Spriocdháta: Dé hAoine 06 Meitheamh 2014.
Scéim Síol: (uasmhéid maoinithe €1,500)
Scéim leanúnach straitéiseach dírithe ar shíolrú na nealaíon sa Ghaeltacht. Mar shampla: tacaíocht do sheoladh imeachtaí, réiteach taispeántas, forbairt gairme, cothú ócáidí agus imeachtaí beaga a chuirfeadh le forbairt na nealaíon trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo go léir, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon réigiúnacha. Sonraí teagmhálacha le fáil ar www.ealain.ie