Fórga ráta a bheith déanta

Released: 25 Márta 2011

TUGTAR  FÓGRA  LEIS  SEO  go bhfuil an Ráta Bliantúil déanta go cuí ag Comhairle Contae Chiarraí ar an maoin is inrátaithe dóibhsean in a cheantar rátaithe. 

€80.35 is ea an Ráta Bliantúil ar an luachtáil, don bhliain dár críoch 31 Nollaig 2011. 

Is féidir le héinne an Leabhar Rátaí a iniúchadh dá bhrí sin, ag An Roinn Ioncaim, Comhairle Contae Chiarrai,  Halla Cuimneacháin Uí Ághais, Sráid Denni, Trá Lí, le linn uaireanta oifige.  Beidh an ráta luaite le híoc ó dháta foilsithe an fhógra seo agus ina dhiaidh sin. 

Faoi Roinn 7(1) de Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978, is féidir le héinne atá míshásta de bharr teip údarás rátaithe liúntas a thabhairt do/di faoin Acht, nó go gcreideann sé/sí  go bhfuil siad i dteideal liúntas eile seachas sin dáilte orthu,  iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar an údarás rátaithe, taobh istigh de dhá mhí de dháta Déanta an Ráta, an liúntas cuí a cheadú. 

Sa chás ná claoítear leis an iarratas, taobh istigh de 28 lá, is féidir leis an duine taobh istigh de 4 mhí de dháta Déanta an Ráta, iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche go ndéanfaí an ráta cuí.  Deineadh an Ráta thuas ar an 16ú Márta 2011.  Ní mór aon iarratas ina leith, faoi Roinn 7(1) de Acht Rialtas Áitiúil (Forálacha Airgeadais) 1978, a bheith déanta go dtí Comhairle Contae Chiarraí faoi 16 Bealtaine, 2011.  Ní mór aon iarratas go dtí an Chúirt Dúiche faoi na forálacha céanna a bheith déanta faoi 18 Íúil, 2011

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image