Released: 10 Deireadh Fómhair 2014
Tugtar fógra leis seo go bhfuil an 17ú Samhain 2014, ag 10.30 r.n., ceaptha mar dháta cruinnithe ag an gComhairleoir John Brassil, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, ar a dtoghfaidh Comhairle Contae Chiarraí an Ball de Bhord Rialaithe Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, a bhfuil siad i dteideal é a thogha de réir Reachtanna na hOllscoile sin.
Chun a bheith intofa, is gá do iarrthóir a bheith ainmnithe ar pháipéar ainmniúcháin atá sínithe ag beirt bhall de Chomhairle Contae Chiarraí, agus is gá sin a lóisteáil liomsa faoi 5 i.n. ar an Aoine 24ú Deireadh Fómhair 2014, ar a dhéanaí.