Released: 26 Iúil 2012
AN tACHT UM PLEANÁIL & FORBAIRT, 2000 (mar a leasaíodh)
Plean Ceantair Áitiúil Molta do Cheantar Feidhme Lios Tuathail
Tá Comhairle Contae Chiarraí ag moladh Dréachtphlean Ceantair Áitiúil do Cheantar Feidhme Lios Tuathail a ullmhú a áiríonn na lonnaíochtaí (agus na ceantair tuaithe máguaird) liostáilte thíos:
Lios Tuathail (Purláin) Béal Atha Longfoirt An Baile Dubh Dubháth Cnoc an Lúir Fionnúig Lios Eiltín Maigh Mheán Tairbeart
Plean Ceantair Áitiúil Molta do Cheantar Feidhme Baile an Bhuinneánaigh
Tá Comhairle Contae Chiarraí ag moladh Dréachtphlean Ceantair Áitiúil do Cheantar Feidhme Baile an Bhuinneánaigh a ullmhú a áiríonn na lonnaíochtaí (agus na ceantair tuaithe máguaird) liostáilte thíos:
Baile an Bhuinneánaigh Eas Daoi
Soláthróidh an plean ceantair aitiúil creatlach d’fhorbairt na dtailte laistigh don phlean thar na blianta beaga atá romhainn amach.Tá léarscáil don cheantar molta ar fáil le hiniúchadh ag an Ionad Seirbhísí Ceantair, Lios Tuathail.“Abair do chuid maidir leis an bhForbairt a dhéanfar ar do cheantar!”
Fáiltíonn Comhairle Contae Chiarraí, Aonad Pleanála Ar Aghaidh roimh aon bhreithniúcháin nó aighneachtaí ó bhaill an phobail, páistí agus / nó grúpaí páistí a ionadaíonn agus aon grúpa leas sara réitíonn siad an dréachtphlean. Is cóir gach aighneacht a chur i scríbhinn agus a sheoladh isteach go Noell Ní Chonchúir, Pleanáil Ar Aghaidh, An Rannóg Pleanála, Áras an Chontae, Trá Lí agus “Aighneacht - Dréachtphlean Ceantair Áitiúil do Cheantar Feidhme Lios Tuathail nó Baile Bhuinneánaigh” breactha uirthi agus í a bheith faighte roimh 5.00 i.n. ar an Déardaoin, 30ú Lúnasa 2012
Nuair a ghlacfar leis an bPlean, gabhfaidh sé ionad an Phlean Cheantair Áitiúil atá ann le haghaidh na lonnaíochtaí seo.