Released: 27 Feabhra 2014
COMHAIRLE CONTAE CHIARRAÍ
COMHAIRLE BAILE CHILL AIRNE
COMHAIRLE BAILE LIOS TUATHAIL
Siúintis Phoibí
Acht Toghcháin Áitiúil 1999 (Nochtadh Síntiúis agus Caitheachas) (mar atá leasaithe)
Freagrachtaí do Baill Údaráis Áitiúla
Leagann Acht Toghcháin Áitiúil (Nochtadh Síntiúis agus Caiteachais) 1999 (leasaithe), amach fráma oibre chun déileáil le síntiúis poiblí arna bhfáil ag baill Comhairlí Áitiúla.
Éilíonn an reachtaíoch ar gach éinne, a bhí ina mball d’Údarás Áitiúl, sa bhliain roimhe sin, ‘ráiteas síntiús’ a chur ar fáil don Údarás Aitiúil atá i gceist. Leis seo, ba chóir go mbeadh dearbhú reachtúil, ag léiriú pé acu an bhfuair nó nach bhfuair an ball síntiús le linn na bliana roimhe sin, suim dár luach níos mó ná €600.00, mar atá tugtha de réir an Achta thuas, agus ag luath maidir le gach síntiús (más ann d’aon cheann):-
(i) Luacht an tsíntiúis agus
(ii) Ainm, cur síos agus seoladh phoist an té a rinne nó ar deineadh an síntiús ar a son faoin 31 Eanáir 2014.
Tá baill na nÚdarás Áitiúla thuas tar eis ráitis síntiús a chur ar fáil dá nÚdaráis cuí.
Is féidir ‘ráiteas na síntiús’ maidir le baill na nÚdarás Áitiúla, a scrúdú idir 9.00am agus 5.00pm ó Luan go hAoine go dtí an 28 Márta 2014 ag na hIonaid seo a leanas:-
| Baill | Ionad |
| Comhairle Contae Chiarraí | Seirbhísí Corparáideacha, Seomra 223, Áras an Chontae, Trá Lí |
| Comhairle Baile Thrá Lí | Halla an Bhaile, Trá Lí |
| Comhairle Baile Chill Airne | Halla an Bhaile, Cill Airne |
| Comhairle Baile Lios Tuathail | Halla an Bhaile, Lios Tuathail |