Beidh Seo Bóthair Deich mBliana na Réabhlóide ag CLG Uí Chéirín/Rathaille, Bóthar na Trá, Trá Lí óna 11rn-5in Dé Sathairn an 3ú Deireadh Fómhair 2015. Díreoidh an ócáid ar 1916 agus beidh fáilte roimis éinne le cáipéisí ón dtréimhse sin bualadh le staraithe agus cartlannaithe gairmiúla, lena gcuid cáipéisí.
Osclóidh Cathaoirleach Chiarraí, an Clr. Pat Mac Carthaigh, agus an tAire Jimí Ó Duibhneacháin an Seó go hoifigiúil ag 11 rn.
Eagraithe ag Comhairle Contae Chiarraí agus Scoil na Staire, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, in ionad CLG Uí Chéirín/Rathaille, tá an Seó dírithe orthu siúd gur spéis leo stair 'Deich mBliana na Réabhlóide' a chlúdaíonn Éirí Amach na Casca 1916, An Chéad Chogadh Domhanda, Cogadh na Saoire agus ceisteanna móra na linne sin, ar nós gluaiseacht an lucht oibre agus cearta vótála na mban.
Clár
(Size: 12 KB)