Fógra faoi Bhreithniú a dhéanamh ar an bhFachtóir Coigeartaithe Áitiúil
Leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna leasú), foráiltear go sonrach go bhféadfaidh comhaltaí tofa údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla dá limistéar feidhme a athrú de réir céatadáin ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil. Ag an gcruinniú atá socraithe ag Comhairle Contae Chiarraí chun an t-ábhar seo a bhreithniú, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de raon +/- 15% den bhunráta nó féadfaidh siad a chinneadh gan an bunráta a choigeartú.
Tiocfaidh Comhairle Contae Chiarraí le chéile i Meán Fómhair 2015 chun breithniú a dhéanamh i dtaobh fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.
Cuirfidh Comhairle Contae Chairraí fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn ó dhaoine den phobal maidir leis an ábhar seo, go sonrach maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, do ghnóthaí, do dhaoine aonair agus do sheirbhísí údaráis áitiúil, mar thoradh ar athrú na Cánach Maoine Áitiúil.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoin 5.00 p.m. 31 Lúnasa 2015 agus ní mór iad a chur chuig Roinn Airgeadais, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Nó le ríomhphost chuig :lptcon@kerrycoco.ie