
Tá Roinn na mBóithre freagrach as bóithre poiblí a dhearadh, a chothú agus a thógaint i gCiarraí, áit a bhfuil 430km de Bhóithre Náisiúnta agus 4,230km de bhóithre eile.
Tá sábháilteacht agus cothabháil leanúnach i gceist le gréasán sábháilte éifeachtach a chur ar fáil do riachtanaisí Tionsclaíochta, Talmhaíochta, Turasóireachta agus Forbairt Pobail i gCiarraí.
Tá na mbóithre rangaithe mar seo leanas:
Bóithre Náisiúnta
Is iad na Príomhbhóithre agus na Bóithre Dara Grád Náisiúnta na mbóithre is tábhachtaí sa Chontae, atáid mar príomhbhealaí idir na bailte móra agus isteach sa Chontae.
Tá trí Príomhbhóthar Náisiúnta sa Chontae:
N21 Trá Lí – Oileán Ciarraí – Droichead na Féile, Teorann Chontae Luimnigh
N22 Trá Lí - Cill Airne - Cluain Chaoin, Teorann Chontae Chorcaí
N23 Fearann Fuar - Oileán Ciarraí
Is iad na mBóithre Náisiúnta den Dara Grád:
N67 Tairbirt – Oileán Thairbirt
N69 Trá Lí – Lios Tuathail – Tairbeart – Teorann Chontae Luimnigh
N70 Trá Lí – Cill Orglan – Cathair Saidhbhín – An Neidín
N71 Cill Airne – An Neidín (Na Tolláin) – Teorann Chontae Chorcaí
N72 An Ráth Mhór – Crosaire Lios Uí Bhigín & Cill Airne – Cill Orglan
N86 Trá Lí – An Daingean
Bóithre Réigiúnach
Is iad seo na príomhbhealaí idir na Bóithre Náisiúnta na ceangailtí idir na bailte móra agus na sráidbhailte.
Bóithre Áitiúla
Is iad seo gach bóthar poiblí nach bhfuil ina Bhóthar Náisiúnta ná Réigiúnach.
Sonraí Teagmhála:
Roinn na mBóithre, Iompair agus Sábháilteachta
Seomra 15, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí
Guthán: 066 7183588
Facs: 066 7129764
Rphost: roads@kerrycoco.ie