Released: 11 Meitheamh 2015
COMHAIRLE CONTAE CHIARRAÍ
BÓITHRE A nDÚNADH GO SEALADACH
ALT 75 D’ACHT NA mBÓITHRE 1993
Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar
Tugtar fógra anseo faoi réir Acht na mBóithre 1993, Alt 75, agus na Rialacha faoi Bóithre a Dhúnadh go Sealadach, 1994, tá sé i gceist ag Comhairle Contae Chiarraí stráice den mbóthar faoisimh nua a ceanglaíonn Gort Onóra le Bóthar an Spá, a dhúnadh, i Daingean Uí Chúis, ó 9.00 r.n. go 4.30 i.n. ar an Domhnach, 13 Iúil, 2015, chun cabhrú le heagrú Taispeántas Talmhaíochta Chiarraí Thiar.
Beidh malairt treo marcála go soiléir agus beidh bealaí rochtain ar fáil do sheirbhísí Éigeandála.
Ba choir d’aon duine ar mian leo cur in aghaidh an mholadh seo, sin a dhéanamh, i scríbhinn, leis an Oifigeach Riaracháin, An Roinn Bóithre agus Iompair, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Trá Lí, Co. Chiarraí, ar, nú roimh , 5.00 i.n. ar an Máirt, 16 Meitheamh 2015.