Loachra an Mhúirín

Tá Frances Ní Chinnéide ina cónaí thiar i nDún Chaoin ar imeall Chorca Dhuibhne áit a bhfuil radharc aici ar na Blascaodaí. Is garraíodóir dúthrachtach í atá ag déanamh múirín as an dramhaíl bhia agus gharraí le roinnt blianta anuas.

Cén fáth a ndéanann tú múiríniú?

Chun an méid dramhaíola a thugtar go dtí an ionad líonta talún a laghdú agus chun mianraí a chur isteach san ithir.

Cén saghas múiríneoir atá agat?

Múiríneoir dubh plaisteach a ghlacann 330 lítear. Cuirim ábhar isteach i dtrinse leis, áit a bhfásaim piseanna.

Cad a chuireann tú isteach sa mhúiríneoir?

Aon fhuíollábhar ó thorthaí nó ó ghlasraí. Duilleoga agus fásra eile ón ngairdín, nuachtáin stracaithe agus féar gearrtha.

Cad é cóimheas bia le dramhaíl ón ngairdín a chuireann tú sa mhúiríneoir?

75% : 25%

Cén áit sa ghairdín a bhfuil do mhúiríneoir?

Tá sé gar don bhealach isteach sa ghairdín, fada go leor ón dtigh.

An bhféadfá cur síos gairid a dhéanamh ar an áit ina bhfuil tú?

Táimid inár gcónaí faoin tuath ar chósta an Atlantaigh, tá garraí glasraí ¼ acra againn gan puinn fothain ón ngaoth. Faighimid fothain áirithe ón bhfiúise.

An mó duine atá ag cónaí sa tigh? An ullmhaíonn sibh béile gach lá nó an itheann sibh amuigh? Tá beirt duine fásta sa tigh, cócarálaimid agus ithimid béile sa bhaile gach lá.

An raibh aon fhadhb agaibh riamh le bhur gcóras múirínithe?

Ní raibh i ndáiríre, bíonn an múirín ar caighdeán níos fearr blianta áirithe thar bhlianta eile.

An raibh aon fhadhbanna agaibh le creimirí? Má bhí conas a réitigh sibh an fhadhb?

Bhí francaigh againn. Ar dtús cheapamar go mba leor na cait chun déileáil leo ach sa deireadh thiar d’úsáideamar nimh. Má tá oscailt ar bith ann, is cuma cé chomh beag gheobhaidh siad slí isteach ann.

Cad a dhéanann sibh leis na gearrthóga féir?

Níl plásóg féir againn ach uaireanta i rith an tsamhraidh caitheann duine de na comharsain a ghearrthóga siúd isteach inár múirín leis an bpróiseas a théamh. Cuirimid roinnt de na gearrthóga faoi na toir thorthaí leis.

Cad faoin ábhar síorghlas?

Ligimid don ábhar síorghlas feo agus ansin dóimid sa sorn dóite adhmaid é. Cuirimid an luaithreach sa mhúiríneoir díreach ar an bpaiste glasraí.

An bhfuil fadhb agaibh le cuileoga?

Níl mar tá an múiríneoir in áit fada go leor ón dtigh.

Cathain agus cad chuige a úsáideann sibh an múirín críochnaithe?

Úsáidimid é le feamainn san earrach mar leasú ar na leapacha prátaí.

An bhfuil aon rud eile a dhéanann sibh leis an dramhaíl tí?

Tugaimid do na héanlaithe aon phíosa aráin nó sail cócarála atá fágtha. Itheann na cait leis, roinnt den bhia atá fágtha.

Aon nod do dhaoine atá ag tosú le córas múirínithe baile?

Féach ar aon chóras múirínithe atá sa chomharsanacht cheana féin. Tá sé tábhachtach go dtuigfí go bhfuil cothromaíocht ag teastáil idir ábhar glas agus ábhar donn. (Carbóin agus Nítrigin)

Aon nod do dhaoine lena gcuid dramhaíola a laghdú?

Fan amach ó earraí a ndéantar an iomarca pacáistiú orthu agus dein gearán faoi. Deisigh gach rud.

 

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image