Íocann Rannóg na nDeontas Ardoideachais sa Comhairle Contae na Deontais Ardoideachais de réir scéim na nDeontas Ardoideachais atá foilsithe ag An Roinn Oideachais agus Eolaíochta gach bhliain. Tá coinníollacha áirithe leagtha amach deon scéim gur gá a chomhlíonadh chun deontas a fháil.
Tá sé riachtanach don mac léinn cúrsa fochéimithe lánaimseartha a dhéanamh ar feadh dhá bhliana nó cúrsa iar-chéimithe lánaimseartha (in Éirinn) ar feadh bliana ar a laghad in institiúid tríú leibhéal atá ceadaithe. Tá liosta na gcúrsaí ceadaithe sa scéim bhliantúil.
Tá an fhoirm iarratais agus an scéim bhliantúil don bhliain acadúil 2010/2011 ar fáil anois ar an suíomh idirlín gur féidir íoslódáil ó na naisc thíos nó ó www.studentfinance.ie
Má roghnaíonn tú foirm iarratais a íoslódáil, is gá ceann de na foirmeacha seo leanas a íoslódáil chomh maith:
Foirm FA1 – Do chúrsaí i bPoblacht na hÉireann
Foirm SA1 – Do Choláistí i mBallstáit an AE taobh amuigh d’Éirinn.
Ina mhalairt de chás, is féidir leat foirm iarratais agus sonraí na scéime bliantiúla a fhail ó Oifig na nDeontas Ardoideachais, Comhairle Contae Chiarraí.
Is é an 31ú Lúnasa 2010 an dáta deiridh d’iarratais ach is féidir le Comhairle Contae iarratais a ghlacadh de réir ár rogha féin, tar éis an dáta deiridh sa tslí chéanna le hiarratais a tháinig isteach in am.
Sonraí Teagmhála:
Oifig na nDeontas Ardoideachais, Seomra 221, Seirbhísí Corparáideacha, Áras an Chontae, Trá Lí, Contae Chiarraí. Fón 066 7183530
Uaireanta Oifige ó Luan go hAoine 9.00 r.n. – 5.00 i.n.