Comhthionscnamh idir Oifigí Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí agus Chomhairle Contae Chiarraí is ea Bealach Ceoil Shliabh Luachra. Tá stíl shainiúil cheoil thraidisiúnta i gceantar Shliabh Luachra agus tá sé mar aidhm againne le Bealach Ceoil Shliabh Luachra an traidisiún sin a cheiliúradh. I measc na gcuspóirí againn tá raon de bhearta chun an oidhreacht cheoil ar leith atá sa réigiún a chur chun cinn agus a chaomhnú.
Príomhchuspóirí:
Oibríonn coistí féilte áitiúla le chéile chun Bealach Ceoil Shliabh Luachra a chur chun cinn agus clár imeachtaí don bhliain ar fad a chur ar siúl ina mbíonn ceolchoirmeacha, ceardlanna, máistir-ranganna agus léachtaí.
W: sliabhluachra.ie