Toisc an líon mór ealaíontóirí atá ina gcónaí i gCiarraí agus an bonneagar maith ealaíon atá ann, bíonn an-chuid gníomhaíochtaí ealaíon ar siúl sa chontae. Tugann an bunachar sonraí seo léargas ar an gcontae cruthaitheach seo.
Aon ealaíontóir nó eagraíocht ealaíon a dteastaíonn uathu a bheith ar an mbunachar ba cheart dóibh an Fhoirm Iarratais do Bhunachar Sonraí Ealaíon Chiarraí a líonadh agus a sheoladh go arts@kerrycoco.ie
Sonraí is déanaí
Bí cinnte go bhfuil Oifig na nEalaíon ar an eolas maidir le haon athrú atá tagtha ar do shonraí pearsanta ar nós do sheoladh, uimhir teagmhála etc.
Séanadh
Tugann Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Chiarraí gach aire agus an t-eolas á chur le chéile don Bhunachar Ealaíon. Ní ghlacfar le dliteanas d’aon pháirtí as aon damáiste nó as aon chaillteanas a éiríonn as a bhfuil nó nach bhfuil sa Bhunachar.
Tá cead ag Comhairle Contae Chiarraí eagarthóireacht a dhéanamh ar an eolas sa Bhunachar Ealaíon. Maidir le hoiriúnacht nó cumas ealaíontóra chun seirbhísí a chur ar fáil is cúram é sin don té atá ag plé leis an ealaíontóir ní do Chomhairle Contae Chiarraí
Foirm Bunachar Sonraí Ealaíon
(Size: 38 KB)