Scannánóir Cónaithe

 Beathaisnéis do Chiara Hyland

 FilmmakerTá obair déanta ag Ciara mar Mhaoirseoir Scripte ar phríomhscannáin, fógraí, sraitheanna teilifíse, cláir fhaisnéise agus gearrscannáin a fuair maoinithe ó Disney, Comhlacht Craolacháin na Breataine, RTÉ agus Bord Scannán na hÉireann, agus eagraíochtaí eile nach iad. I measc na saothar atá luaite le hainm Chiara tá Mystic Knights, The Ambassador, Ballykissangel, Sweeney Todd, Disco Pigs agus Oliver Twist.

Léirigh sí dhá ghearrscannán sa bhliain 2008, ar bronnadh Duais RTÉ don Ghearrscript Is Fearr ar an dá cheann, agus ar bhuaigh ceann amháin acu (Out of the Blue - stiúrtha ag Michael Lavelle) roinnt duaiseanna ar an ardán idirnáisiúnta, ina measc siúd tá: Duais Fhéile Scannán Neamhspleách Londan don Ghearrscannán Idirnáisiúnta Is Fearr don Bhliain 2009, Duais Fhéile Scannán Rhode Island don Chóiréagrafaíocht don bhliain 2009 agus Duais Fhéile Scannán Neamhspleách Toronto don Ghearrscannán Grinn Is Fearr don Bhliain 2009.
Tá obair neamhspleách déanta ag Ciara ó 2009 ar aghaidh ar thaighde agus léiriú do chláir fhaisnéise do TG4 agus RTÉ, agus do shraitheanna atá ar siúl le fada chomh maith. I measc na saothar atá luaite lena hainm tá an tsraith ceoil thraidisiúnta ‘Geantraí’ do TG4, an tsraith ‘Fleadh Cheoil’ do RTÉ agus ‘Spillane an Fánaí’ le John Spillane, ar amhránaí agus cumadóir amhrán é, do TG4. D'oibrigh sí mar Léiritheoir Míre/Stiúrthóir ar an gclár ‘Dúiche’ do TG4 anuraidh. Tá sí ag léiriú míreanna réigiúnacha do Nationwide i mbliana.
Stiúir Ciara ‘Diarmuid Lynch - Óglach Dearmadta’ sa bhliain 2016 do TG4. Craoladh é ar TG4 ar Luan Cháisc na bliana 2016 agus ba é a bhí ann ná scéal Dhiarmuid Uí Loingsigh, an duine deireanach a tháinig as Ard-Oifig an Phoist is a ndearnadh stair dearmad air ina dhiaidh sin.
Is é an sásamh is mó ar domhan ag Ciara ná smaointe nua do chláir fhaisnéise agus cláir eile theilifíse a aimsiú agus a fhorbairt. Is ball de Ghrúpa Scríbhneoireacht Scripteanna Príomhscannán Chorcaí í ó 2011, agus scríobhann sí ficsean nuair is féidir léi.

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image