Suíomh Idirlín & Ionad Glaonna Uisce Éireann beo anois

Released: 30 Iúil 2013

Irish Water

Tá sé beartaithe tosnú ag cur méadair uisce  isteach sna tithe i gCiarraí go luath i Meán Fómhair.

Tá an eagraíocht nua bhunaithe, Uisce Éireann, freagracht as an gClár Méadraithe Uisce agus tá ionad glaonna bunaithe i gCorcaigh acu chun déileáil le ceisteanna Méadraithe Uisce. Tá an tIonad Glaonna oscailte ó Aoine an 26ú Iúil, mar aon le suíomh idirlín Uisce Éireann  ag dul beo ag www.water.ie ón lá céanna.

Ionad Glaonna Uisce Éireann: ÍOSGHLAO 1890 278 278

Suíomh Idirlín Uisce Éireann: www.water.ie

Beidh an t-ionad glaonna ag déileáil le ceisteanna fén gClár Méadraithe Uisce do thithe. Leanfaidh Comhairle Contae Chiarraí ar aghaidh ag déileáil le ceisteanna i leith táillí tráchtála uisce agus pléascanna/sceitheanna uisce.

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image