Féilte le Gaeilge

Ceiliúradh na Gaeilge tríd na hEalaíona is ea sprioc Féilte le Gaeilge. Ag tarrac’ ar cheann de na h-acmhainn is luachmhara dá bhfuil againn, tugann úsáid na Gaeilge le linn Féilte Ealaíon buntáiste do Chiarraí sa turasóireacht gan trácht ar deiseanna chun na h-ealaíona a cheiliúradh trí Ghaeilge.Féilte na Gaeilge

Sparántacht is ea Féilte le Gaeilge gurb b’fhiú €20,000 i 2008, agus arís i 2009, a bhuíochas sin do Chomhairle Contae Chiarraí agus d’Fhoras na Gaeilge, a dheineann chomh-maoiniú air, rud a léiríonn díograis na n-eagras seo chun ár dteanga náisiúnta a chur chun cinn ar fud Chiarraí.

Cuireadh an scéim ar bun roinnt mhaith blianta ó shin agus ó shin i leith tá cúnamh agus maoiniú tugtha do an-chuid grúpaí áitiúla agus lucht eagraithe féilte chun imeachtaí ealaíne a eagrú trí Ghaeilge i gCiarraí.

Níl teorann leis an saghas imeachta gur féidir eagrú ach iad a bheith bunaithe ar na hEalaíona agus iad rite trí Ghaeilge, rud a thugann deis iontach do phobal na Gaeilge, agus d’fhoghlaimeoirí, teacht le chéile chun sóisialú trí Ghaeilge.

Tá an sparáchtacht oscailte do ghrúpaí agus eagraíochtaí ón nGaeltacht, agus ón iar-Ghaeltacht, fud fad an Chontae ach na himeachtaí cuí a bheith ag luí le sprioc na scéime.

Tabharfar tús áite d’iarratais atá bunaithe ar úsáid, nó ar shaibhriú na Gaeilge le h-imeachtaí a leithéidí… aithriseoireacht, amhránaíocht, drámaíocht, scéalaíocht, agallamh beirte, díospóireachtaí, léamh scéalta, filíocht, leachtanna, seó puipéid, scannánaíocht, litríocht, na healaíon dúchasacha Gaeilge/Gaeltachta etc.

Fógraítear an scéim ag tús na bliana, de ghnáth i Mí Eanáir. Is í Oifig na Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí atá ina mbun agus is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó shuíomh idirlín na Comhairle, mar aon le foirm iarratais ag www.kerrycoco.ie


Tabhair faoi deara gur i bhformáid PDF atá na foilseacháin seo agus go bhfuil Adobe PDF Document Adobe Acrobat de dhíth lena léamh.

Foirm Iarratais
(Size: 48 KB)

Féilte le Gaeilge i gCiarraí
(Size: 11 KB)

Éigse na Brídeoige 2010
(Size: 4,734 KB)

Scoil Cheoil an Earraigh 2010
(Size: 1,070 KB)

Féilte le Gaeilge logo

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • valid css
  • wcag 1.0 AAA compliant
  • xhtml 1.0