Cuirfear tús le Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne anocht le Scléip na hÓige, tráth a mbeidh 500 déagóirí ag teacht le chéile do thrí lá de chraic, ceol, spórt agus rince.
Tá Cill Airne ag siúl le 15,000 i mbliana, an don bhféile Ghaeilge is mó sa tír, féile gur fiú €5.5 milliún í don mbaile.
Mara raibh tú ag an Oireachtas riamh is fiú go mór dul ann, an meirg a bhain ó do chuid Gaeilge agus súil a chaitheamh ar an réimse mór imeachtaí agus comórtaisí cultúrtha agus traidisiúnta ina measc: Ceolchoirmeacha, Rince agus Amhránaíocht ar an Sean-Nós, Dreas Cainte, Scéalaíocht, Drámaíocht, fís-ealaíon, seimineáir, ceardlanna agus neart neart eile.
Tá Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Baile Chill Airne ag déanamh urraíocht ar imeachtaí na nóg ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana.
Tá Oifig na Gaeilge agus Bord Forbartha Chontae Chiarraí ag eagrú seimineáir don Earnáil Phoiblí ar Úsáid na Gaeilge go Poiblí ag 2pm i Seomra Inis Faithleann, Óstán Ghleann an Iolair, Cill Airne. Fáilte roimis cách.