Tá oifig phoiblí an Roinn Pleanála suite i Seomra 13, Arás an Chontae, Ráth Theas, Trá Lí.
Bíonn an oifig phoiblí ar oscailt ó Luan go hAoine 9.00am. go 5.00pm (Oscailte am lóin).
Tá córas pleanála fhisciúil ag an Roinn Pleanála a spreagann forbairt eacnamaíochta agus a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn an comhshaol.
Deileáileann an Roinn Pleanála leis na h-iarratais phleanála don chontae go léir maidir le forbairt ach amháin Comhairle Baile Thrá Lí, Comhairle Baile Chill Áirne agus Comhairle Baile Lios Tuathail. Tugann an Roinn Pleanála cúnamh teicníúil do chomhairle Chill Áirne agus Lios Tuathail maidir le h-iarratais a bhaineann leo.
Tá páirt thábhachtach ag an Roinn Pleanála i bhforfheidhmiú na Rialachán Pleanála.
Tá comhaid phleanála ó 2007 anuas sa Roinn Pleanála, Áras an Chontae, Trá Lí agus is féidir iad a iniúchadh san oifig phoiblí. Ní gá táille a íoc chun comhaid ó 2007 anuas a athfháil.
Tá comhaid do 2006 agus na blianta roimhe sin á gcoimeád I stórais in Oileán Ciarraí. Ní mór táille €15 an comhad a íoc i gcomhair an chéad cúig comhad a theastaíonn uait, agus €25 an comhad ar gach comhad ós cionn a chúig.
Is féidir táille a íoc san oifig phoiblí mar seo leanas: airgead, seic, dréacht bainc, ordú poist, cárta creidmheasa, cárta dochair.
Ríomh ar theorainneacha ama thar thréimhse na Nollag sa phróiseas iarratais phleanála.
De réir Alt 251 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nuair atá aon tréimhse chuí nó aon teorainn ama eile, a dtagraítear dó san Acht, nó in aon rialacháin a deineadh faoin Acht, is cóir an tréimhse idir 24ú Nollaig agus an 1ú Eanáir, an dá lá sin san áireamh, a fhágaint ar lár.
Dá réir sin, cuirtear 9 lá le gach teorainn ama sa phróiseas iarratais phleanála, teorainneacha ama a bhaineann le cothabháil fógraí láithreáin agus glacadh le haighneachtaí agus tuairimí san áireamh.