Chun cead pleanála a fháil, caithfidh iarratasóir cuir isteach ar iarratas pleanála. Tá foirmeacha iarratais pleanála agus na sonraí ar fad a ghabhann leo ar fáil ón Oifig Pleanála. Ní leor don iarratasóir an fhoirm a líonadh agus a sheoladh isteach agus na doiciméid ar fad agus an táille chuí a bheith iniata leis. Tá comhairle agus treorú le fáil ón oifig pleanála chun cuidiú le iarratasóirí iarratas a dhéanamh agus, más gá, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh leis an oifig roimh iarratas a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe i gceart, go bhfuil na doiciméid ar fad iniata agus gur comhlíonadh gach riachtanas.
Is córas oscailte agus trédhearcach é an córas pleanála. Tá sé de cheart ag gach duine (daoine aonair, cumainn áitritheoirí, srl.) féachaint ar iarratas agus aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt, bíodh na tuairimí sin dearfach nó diúltach, má cheapann siad go mbeidh tionchar aige orthu féin nó ar an gcomharsanacht. Féadfaidh daoine aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt faoi iarratas fiú mura bhfuil baint dhíreach aige leo, ach go mbraitheann siad go láidir faoi shaincheist faoi leith agus go bhfuil siad ag iarraidh a dtuairimí a léiriú.
Ní mór aighneachtaí nó tuairimí a sheoladh i scríbhinn chuig an Oifig Pleanála agus, más féidir, déan tagairt do uimhir thagartha an iarratais. Ní mór aighneachtaí nó tuairimí a thugtar ar aird, a dhéanamh laistigh de na chéad chúig seachtaine ón am a ndéantar an t-iarratas, in éineacht le táille de €20.00
Tá baill den phobal i dteideal gach cáipéis a chuirtear isteach le hiarratas pleanála a fheiceáil, saor in aisce, san oifig pleanála i rith gnáth uaireanta gnó, ón dáta a fhaightear an t-iarratas go dtí go ndéantar cinneadh air. Is féidir féachaint ar thuarascálacha inmheánacha maidir leis an iarratas arna n-ullmhú ag nó thar ceann an údaráis phleanála, a fheiceáil tar éis don údarás pleanála cinneadh a dhéanamh. Tá comhaid phleanála ar fáil don phobal lena n-iniúchadh ar feadh suas le 7 mbliana tar éis cinneadh a dhéanamh faoin iarratas.
Is taifead de gach iarratas, cinneadh, achomharc, gníomh forfheidhmithe pleanála srl. iad an clár pleanála agus an léarscáil phleanála. Is féidir leis an bpobal an clár a iniúchadh, saor in aisce, san oifig pleanála le linn uaire oifige.