Is é aidhm na Roinne Acmhainní Daonna ná a chinntiú go mbíonn foireann oilte cháilithe le na hacmhainní cuí fostaithe i gach seirbhís den gComhairle.
Tá an Roinn freagrach leis, as caidrimh tionsclaíochta, cúrsaí sábháilteachta, sláinte agus leas na bhfostaithe agus is cuid lárnach den eagraíocht is ea é. Is é soláthar seirbhíse don gcuid eile den gComhairle ár bpríomh sprioc.
Déileálann an Roinn Acmhainní Daonna le hearcaíocht gach fostaí sa Chomhairle. Earcaítear fostaithe Cléireachais/Riaracháin agus fostaithe Gairmiúla/Teicniúla de réir na gcáilíochtaí, modhanna oibre srl atá leagtha amach sna rialacháin náisiúnta. De réir iarratais oifigiúil agus scrúdú nó agallaimh a deintear earcaíocht.
De réir iarratais oifigiúil agus agallaimh a deintear earcaíocht ar Fhostaithe Bóthair. Dé gnáth líontar na poist sinsearacha san eagraíocht ar mholadh ón Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, dream a dheineann an earcaíocht seo ar son na Comhairle.
Ar mhaithe le líon na n-agallamh a laghdú, is minic a bhunaíonn an Chomhairle painéal d’iarrthóirí cáilithe, as ab fhéidir folúntais amach romhainn a líonadh.
Fostóir comhdheise is ea Comhairle Contae Chiarraí agus cloítear le reachtaíocht comhionannais sna hagallaimh agus tairiscintí mar aon. Tugtar sonraí dos na hiarrthóirí nuair a fhógraítear an post agus le linn an iarratais. Tugtar cáipéis tagartha do gach bord agallaimh, rud a spreagann cur chuige comónta ó gach éinne ar na boird.