Tá oifig na Roinne Pobail agus Fiontair lonnaithe i Lárionad an Mainéir Thiar, Rath Teas, Trá Lí trasna ó Á
ras an Chontae.
Is é príomh fheidhm na Roinne Pobail agus Fiontair ná tacaíocht a thabhairt do Bhord Forbartha Chontae Chiarraí. Dhein an Bord athbhreithniú ar Straitéis an Chontae agus ullmhaíodh plean gníomhaíochta do 2009-2012 ag cur san áireamh an cúlú eacnamaíochta agus an gá dá bharr le comhoibriú níos fearr ó ghníomhachtaí.
Straitéis an Chontae: Glacadh le ‘Meitheal Chiarraí- Ag obair le chéile dár dtodhchaí 2002-2011’ in Aibreán 2002, straitéis arna bhfuil tosaíochtaí aontaithe ag gach gníomhaireacht pobail agus áitiúil i gCiarraí ar fhorbairt an Chontae sa deich mbliana amach romhainn. Is cáipéis reachtúil é an Straitéis; sé sin caithfidh gach uile gníomhaireacht pobail aird a thabhairt ar an Straitéis agus a gcuid bpleananna agus cláracha á gcur i bhfeidhm acu.
Ní hé an Bord Forbartha Chontae Chiarraí a chuireann Straitéis an Chontae i bhfeidhm go díreach, ach fágtar an fhreagracht agus cur i bhfeidhm do ghnéithe áirithe den Straitéis ar na gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa Chontae.
Roinn Fiontair agus Pobail,
Lárionad an Mhainéir Thiar,
Trá Lí,
Co. Chiarraí
T. 066/7183680
F. 066/7183678
R-phost: cdb@kerrycoco.ie
Tá gach foirm & bileog ón Roinn Fiontair agus Pobail ar fáil anseo