Seachtain Náisiúnta na Rothar

Bike Week

Seo chugainn Seachtain Náisiúnta na Rothar don dara uair i gCiarraí agus sinn ag súil le gach éinne sa chontae a chur ar a rothar ar a laghad uair amháin i rith na Seachtaine.

N’fheadar aon slí níos fearr ná an rothar chun ár dtimpeallacht a thaiscéaladh agus fad saoil a chur linn féinigh.

Tá Páirtíocht Spóirt & Áineasa Chiarraí ag glaoch ar óg agus aosta, agus gach saghas cumais, páirt a ghlacadh sa réimse imeachtaí a bheidh fud faid an chontae.

Ná bac mura rabhais ar rothar le blianta, tóg amach as an seid anois é agus tabhair glanadh tapaigh dó. Beidh ceardlanna cothabhála rothair fud faid an chontae i rith Seachtain na Rothar ag na clubanna rothaíochta áitiúla.

Cuma más ag prapáil leat do Mhórchuaird Chiarraí atá tú nó ag baint na meirge ón slabhra, féach conas mar atá ag do rothar agus ag do shláinte féinigh.

Ón 18-26 Meitheamh a bheidh Seachtain Náisiúnta na Rothar i bpáirt leis an Roinn Iompair, Páirtíocht Spóirt & Áineasa Chiarraí, Comhairle Contae Chiarraí, Scoileanna Glasa An Taisce agus Clubanna Rothaíochta áitiúla Ciarraí.

I dteannta leis an Rothaíocht Charthanacha iontach timpeall Mórchuaird Chiarraí, beidh  ROTHAÍOCHT TEAGHLAIGH SA PHÁIRC don gcéad uair i mbliana, Aoine an 1d Iúil, an tráthnóna roimis Mórchuaird Chiarraí.

Rothaíocht sábháilte 10K é seo a bheidh saor ó thrácht i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ar mhaithe leis an teaghlach ar fad a chur ag rothaíocht. Níl uait ach do leanbh, rothar, agus clogad!

Tosnófar an clárú ag Lóiste an Dianaigh ag 6.45in (trasna ón Ardeaglais) agus tosnóidh an rothaíocht ag 7.30in. Gearrfar €1 ar gach éinne agus rachaidh an t-airgead ar fad go carthanacha Mhórchuaird Chiarraí 2011.

I measc imeachtaí eile beidh Lá Náisiúnta COW - Rothaíocht na Céadaoin ar an 22ú Meitheamh, tráth a spreagfar daoine chun rothaíocht ar scoil nó ag obair, nó níos fearr fós, rothaíocht ar scoil le do leanbh agus ansin ag obair! Tá roinnt bunscoileanna ag obair le Club Rothaíochta Chomhar Chreidmheasa Chill Orglan chun scileanna rothaíochta sábháilte a mhúineadh do na leanaí.

Beidh turas fóillíochta bhliantúil Chlub Rothaíochta an Chorra Dé Domhnaigh an 19ú Meitheamh le do rogha turas 50 & 80km. Beidh Snaidhm fíor ghnóthach i rith na seachtaine le rothaíocht ar an bhFaiche i lár na seachtaine agus rothaíocht 20km mórthimpeall ceantair álainn na Snaidhme ar Dhomhnach an 26ú Meitheamh.


Ní ghearrfar aon chostas iasachta leabhar ar éinne a théann ar rothar go Leabharlann Chiarraí  i rith na seachtaine, mar chuid den bhfeachtas Rothaíocht dod’ Leabhair.

A thuilleadh eolais logáil ar www.bikeweek.iewww.kerryrecreationandsports.ie nó is féidir glaoch ar oifig PSÁC ag (066) 7184776

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • valid css
  • wcag 1.0 AAA compliant
  • xhtml 1.0