Beidh Seachtain Rochtana Náisiúnta 2011 na nÚdarás Áitiúil ar siúl ón 28ú Samhain go dtí an 2a Nollaig 2011. Tarlóidh an feachtas seachtaine ar aon-tráth le Lá Idirnáisiúnta Daoine le Míchumas a bheidh ar an 3ú Nollaig 2011.
Leanann an tSeachtain Rochtana Náisiúnta ón bhfeachtas i 2010 a chuir béim fé leith ar pháirceáil mídhleathach, páirceáil gan tuiscint, iompar páirceála bocht agus na deacrachtaí rochtana a tharlaíonn de dheasca páirceáil ar chosáin, bac ar shlite isteach srl.
Páirceáil i gCeart is ea téama na seachtaine.
Brúnn páirceáil mídhleathach gach saghas coisí amach ar an mbóthar agus isteach sa trácht, ina measc daoine fé mhíchumas, lucht cathaoir rotha, tuismitheoirí le bugaithe, seana-dhaoine agus daoine le radharc lag. Is é aidhm an fheachtais ná breis tuisceana a chothú ar an gceist seo go h-áitiúil agus go náisiúnta.
Tá an tseachtain á chomhordú ag Gréasán Oifigeach Rochtana na nÚdarás Áitiúil agus Coiste Stiúrtha Náisiúnta an LGMSB ar Mhíchumas.
Beidh Comhairlí Baile Lios Tuathail, Chill Airne agus Thrá Lí ag obair i bpáirt le Gardaí, maoir thráchta agus an fhoireann lasmuigh i rith na seachtaine chun páirceáil cheart a spreagadh agus chun drochpháirceáil a chuireann as do dhaoine a dhímholadh.
Tabhair faoi deara gur i bhformáid PDF atá na foilseacháin seo agus go bhfuil
Adobe Acrobat de dhíth lena léamh.
Téama na seachtaine
(Size: 687 KB)