Cúrsa Seirbhísí Gaeilge do Chustaiméirí ó Comhairle Contae Chiarraí

Released: 05 Bealtaine 2011

Ar an Céadaoin, 04/05/2011, do bhronn Bainisteoir Contae Chiarraí, Tomás Ó Corráin, teastais ar fhoireann Chomhairle Contae Chiarraí as Cúrsa na Seirbhísí Gaeilge do Chustaiméirí a chríochnú go ráthúil. Dhein naonúr ón gComhairle Contae an cúrsa bliana seo, cúrsa a chur lena gcumas chun seirbhísí a chur ar fáil don bpobal trí Ghaeilge agus chun déileáil le na téarmaí teicniúla a bhaineann leis an obair sin.

Lean an bronnadh seo cur i láthair a dhein na hOifigigh Ainmnithe Gaeilge don bhFoireann Bainistíochta ar a gcuid oibre agus na dúshlán a bhaineann le seirbhísí a chur ar fáil don bpobal trí Ghaeilge.

Cúrsa Seirbhísí Gaeilge

T.J. Cronin,Mena Ní Chathail,Roibeard Stiobhairt,Nóirín Uí Fhearaíosa,Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Comhairle Contae Chiarraí.,Carmel Mhic Giolla Rua,Tomás Ó Corráin, Bainisteoir Contae.,Ellen Uí Chaoimh,Marian Uí Choileáin,Mairéad Uí Mhurchú

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image