Gabhann Méara ómós do Phádraig Kennelly

Released: 28 Meitheamh 2011

Thug Méara Ciarraí, an Clr. Pádraig Ó Laoithe mór-ómós do bhunaitheoir agus foilsitheoir an nuachtáin Kerry’s Eye, Pádraig Kennelly a chailleadh ar an nDomhnach.

Mar phoitigéir a thraenáladh Pádraig ach thóg sé slí bheatha do féin mar ghrianghrafadóir agus cheamaradóir sara chuir sé Kerry’s Eye ar bun i 1975.

“Ciarraíoch ab ea  Pádraig thar aon ní eile agus ní raibh éinne eile chomh bródúil as Ciarraí agus é féinigh,” adúrt an Méara.      

“D’oibrigh sé gan stad chun Ciarraí a cur chun cinn agus saol na ndaoine a fheabhsú. Mar a deireadh sé go minic de ghreann: ‘Lá caite lasmuigh de Chiarraí, is lá caillte é’.

“Le breis agus 35 bliain, bhí Kerry’s Eye mar bhuanchuid de shaol mhuintir Thrá Lí ar dtús agus fur faid Chiarraí ina dhiaidh.

“Cheistigh sé agus thug sé dúshlán do chúrsaí an tsaoil mar a bhí go síoraí sa nuachtán.     


“Cheistigh sé tuairimí comónta agus chuir a chuid smaointe agus moltaí féin chun tosaigh ar mórán cúrsaí. B’fhéidir nach n-aontófá lena chuid tuairimí i gcónaí ach ba dheacair a  mhacántacht agus a phaisean a shéanadh.”

“Dá chlann, a mhic Pádraig Óg, Brendan, Jerry agus Kerry, agus dá chairde go léir, deinim comhbhrón ó chroí leo as bás an sár-Chiarraíoch seo.”

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image