Osclaíonn an tAire Duibhneacháin Carrchlós agus Droichid Choisithe go Corrán Tuathail

Released: 08 Meán Fómhair 2011

D’oscail an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimí Ó Duibhneacháin Carrchlós Lios Leadhbáin agus dhá Dhroichead Coisithe go Corrán Tuathail, Luan an 13ú Meitheamh 2011.


Tugann an carrchlós ag Lios Leadhbháin, Lios a’ Phúca, a raibh géar gá leis, agus an dá dhroichead coisithe i gCom Caillí deis do choisithe taitneamh a bhaint as Corrán Tuathail, an sliabh is airde in Éirinn, a shiúl go sábháilte.  
Chomh-iarracht is ea an tionscnamh seo, idir pobal áitiúil Lios a’ Phúca, úinéirí talún agus gnónna áitiúla, Comhairle Contae Chiarraí agus Fáilte Éireann.


Ainmníodh an dá dhroichead coisithe in ómos do gníomhaí pobail áitiúil, Peataí Ó Sé nach maireann, agus Aingeal Ní Chionnaith a bádh go tragóideach sa cheantar seo roinnt blianta ó shin.


“Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh na Cruacha ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Speisialta chun oidhreacht leithleach an Chontae a chosaint agus tugann forbairt na siúlóidí deis do chuairteoirí agus daoine áitiúla araon aoibhneas agus suaimhneas a bhaint ó n-ár sliabh is airde” a dúirt an tAire Jimí Ó Duibhneacháin.

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image