Seirbhísí Custaiméirí

Tá sé de rún ag Comhairle Contae Chiarraí seirbhís ar ardchaighdeán, atá éifeachtach, cúramach, cothrom, iniatach go sóisialta agus neamh idirdhealaitheach, a chur ar fáil dár gcustaiméirí uile. Tá de cheart ag ár gcustaiméirí go gcaithfí go cúirtéiseach, cairdiúil, cúntach leo. Tá sé mar aidhm againn déileáil go pras le gach ceist, le haird mar is cuí ar phríobháid agus ar rúndacht.

Cuirfear rochtain do chách chun cinn in ár gcuid seirbhísí

 

Geallaimid

  • Go ndéileálfaimid lenár gcustaiméirí uile ar bhealach cothrom agus oscailte
  • Go gcuirfimid seirbhis chairdiúil chúntach ar fáil.
  • Go mbeidh meas againn ar rúndacht ár gcustaiméirí agus an t-eolas a bhaineann leo.
  • Go gcuirfear eolas soiléir cruinn ar fáil do chustaiméirí.
  • Go ndéanfar freagairt ar gach iarratas custaiméara go pras agus go cothrom.
  • Go mbeidh aird ag Údaráis Áitiúla Chiarraí ar Reachtaíocht Comhstádais agus iad ag déileáil le custaiméirí.
  • Go ndéanfaimid ár ndícheall ball foirne a chur ar fáil a bhfuil ar a chumas déileáil go sonrach led’ iarratas.
  • Go ndéanfaimid iarracht freastal ar chustaiméirí gur mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

 

 

Breis eolais nó ráiteas, moladh nó gearán go dtí

 

Oifig Seirbhísí Custaiméirí

Roinn Gnóthaí Corparáideacha

Áras an Chontae

Trá Lí

Rath Theas,

Trá Lí

Co. Chiarraí

 

Ríomhphost: customerservices@kerrycoco.ie

Tabhair faoi deara gur i bhformáid PDF atá na foilseacháin seo agus go bhfuil Adobe PDF Document Adobe Acrobat de dhíth lena léamh.

Foirm le hAghaidh gearán nó moltaí feabhais
(Size: 4 KB)

Cairt Chustaiméara
(Size: 1,230 KB)

Ombudsman

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • valid css
  • wcag 1.0 AAA compliant
  • xhtml 1.0