Séard is brí le hOibríochta Dóiteáin na na hacmhainní a bhíonn ag an Údarás Dóiteáin chun dul i ngleic go tapaidh agus go héifeachtúil le dóiteáin agus le héigeandálaí ar fud an Chontae. Ciallaíonn sé sin go mbíonn cuid áirithe de na hacmhainní agus líon oifigeach beartaithe roimh ré le dul amach láithreach, ag brath ar cé chomh dona is chomh leathan is a bhíonn an eachtra. Deintear slógadh ar an dtoirt ar an bhfoireann comhrac dóiteáin agus ar na hinnill de réir gá.
Cuireann an Roinn Dóiteáin/Éigeandála seirbhís iomlán ar fáil don phobal ó thaobh dóiteáin de, 24 a chloig, gach aon lá ó cheann ceann na bliana. Is iad comhraiceoirí áirithíochta a sholáthraíonn an tSeirbhís Oibríochta; bíonn gairtheoir an duine acu agus freagraíonn siad an glaoch láithreach bonn chun brostú chuig an láthair tine. I gceannas orthu siúd bíonn Oifigeach Stáisiúin i ngach stáisiún agus os a gcionn siúd arís tá duine a bhíonn láncháilithe go proifisúnta agus go teicniúil, sin é an Príomhoifigeach Cúnta Dóiteáin (Oibríochta). Ina theannta san go léir, bíonn ar a laghad Oifigeach Sinsear amháin ar dualgas go ceann seachtaine chun cabhrú le bainistiú i gcás éigeandála.
I Seirbhís Dóiteáin Chiarraí tá 10 gcinn de Stáisiúin ina bhfuil an trealamh iomlán a bhíonn riachtanach don chomhrac tine; bíonn lucht Comhrac Tine réidh le slógadh i gcónaí 24 uair a chloig sna bailte móra seo a leanas:
Trá Lí (Ceannáras)
Cill Airne
Lios Tuathail
Oilean Chiarraí
Cathair Saidhbhín
An Daingean
An Neidín
Baile an Bhuinneánaigh
Cill Orglan
An tSnaidhm
Tá thart ar 100 comhraiceoirí áirithíochta ag Seirbhís Dóiteáin & Tarrthála Chiarraí. Ar an meán glaoitear orainn go thart ar 1 200 eachtra in aghaidh na bliana. Don chuid is mó baineann na glaonna le Tinte Simléar, Aitinn agus Timpistí Bóthair.
Bíonn scuainí áitiúla ar bhonn saorálach réidh le teacht amach sna sráidbhailte seo a leanas:
Béal Átha Longfoirt
Caisleán Ghriaire
Tairbeart
Is saor in aisce a dheineann na foirne úd an obair ach cuireann Seirbhís Dóiteáin Chiarraí trealamh agus oiliúint ar fáil.
Tá Seirbhís Dóiteáin & Tarrthála Chiarraí go maith in ann déileáil le héigeandálaí coitianta don chuid is mó. Deintear athnuachan ar an dtrealamh chun é a choimeád ar chaighdeán den scoth. Bíonn an trealamh seo a leanas ar na hinnill:
Dréimirí
Caidéil Uisce
Goireas Anála & Fearas Teagmhasach
Trealamh Aertharlaithe
Córas Raidió Laimhe
Soilsiú idir daingean & so-iompair
Píobán & Craobhacha
Línte Rópaí
Leatháin Tarrthála
Cultacha um Chosaint Cheimiceach
Cúrán Comhrac Dóiteáin
Úirlisí Beaga
Sáibh Shlabhraí
Trealamh Garchabhrach
Tá dualgas reachtúil ar Ionad Cumarsáide Réigiúnach na Mumhan atá suite i Stáisiún Dóiteáin Chathair Luimní na glaonna a stiúradh ní hamháin do Sheirbhís Dóiteáin Chiarraí ach d’Údaráis na Mumhan ar fad. Bunaíodh Ionad Cumarsáide Réigiúnach na Mumhan mí na Nollag 1992 agus ba chóir glaoch ar na huimhreacha éigeandála 999 nó 112 chun teacht air.
Sonraí Teagmhála:
Dein teagmháil i ngach aon chás le:
Seirbhísí Dóiteáin
Stáisiún Dóiteáin
Balúnach
Trá Lí
Co. Chiarraí
Teil: (066) 71 23111
Faics. (066) 71 29433
Oscailte don Phobal:
Idir 09:00 agus 17:00 ó Luan go hAoine