Cad is Seachtain um Sabháilteacht Dóiteain ann agus Conas is Féidir Cur le Feasacht Sábháilteacht Dóiteáin?
Reachtáiltear an tSeachtain um Shabháilteacht Dóiteáin in aghaidh na bliana chun cur le feasacht maidir le sábháilteacht dóiteain agus le baol tine.
Tarlaíonn an tSeachtain um Shábháilteacht Dóiteáin mí Dheireadh Fómhair de ghnáth agus déantar iarracht ar an gcostas, idir phearsanta agus airgeadais, a leanann dóiteán a chur ina luí ar an bpobal.
Stair na Seachtaine um Shábháilteacht Dóiteáin
Seachtain an-mhór is ea í i bhfeilire na seirbhísí dóiteáin ar fud an domhain. D’eascair sí ón nDóiteán Mór i Chicago a tharla ar 8 Deireadh Fómhair 1871. D’fhógair Iar–Uachtarán na Stát Aontaithe, Calvin Coolidge an chéad Seachtain Náisiúnta um Shábháilteacht Dóiteáin i 1925 i gcuimhne orthu siúd a d’éag sa Dóiteán sin. Ó shin i leith, leantar an nós céanna mí Dheireadh Fómhair i mórán tíortha ar fud an domhain. Anois tar éis 138 mbliana, tá an teachtaireacht faoi shábháilteacht dóiteáin chomh tábhachtach is a bhí sí riamh.
Is é téama na bliana so ná “Beatha a Shábháil trí Aláraim ag Feidhmiú”.
Aidhmeannna agus Spriocanna
Le linn Seachtain um Shábháilteacht Dóiteáin cuirtear deachleachtas chun cinn agus déantar iarracht ar an gcostas, idir phearsanta agus airgeadais, a leanann dóiteán a chur ina luí ar an bpobal. Léirítear na fíricí úd trí imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla; leagtar béim ar chosc dóiteáin agus ar an dtábhacht a bhaineann leis sa bhaile agus sa láthair oibre.
Tábhachtach na Seachtaine um Shábháilteacht Dóiteáin
Agus baol an-mhór dóiteain linn i gcónaí, ní hamháin do mhaoin agus áitribh ach don bheatha daonna, is mór an buntáiste í an tseachtain bolscaireachta seo a chuireann eolas agus oideachas ar an bpobal maidir le cúrsaí sábháilteacht ó dhóiteáin. Is bocht an scéal é go bhfaigheann 46 dhuine ar an meán bás de dheasca tine sa tír seo in aghaidh na bliana. Is sa bhaile a tharlaíonn breis is 90% de na tragóidí úd, a leath díobh ag baint le leanaí óga agus le daoine scothaosta. Is féidir a rá ná beadh na figiúirí chomh holc san ach breis eolais agus feasachta a bheith againn ar bhaol agus ar chosc dóiteáin.
Na Teachtaireachtaí is Láidre
- tá tithe fós ann gan aon aláram deataigh (cuir suas ceann muna bhfuil sé agatsa), freisin cinntigh go mbíonn sé ag feidhmiú mar is cóir
- Is de dheasca deatach a análú seachas dó is mó a fhaightear bás i dtinte don chuid is mó
- gheofá bás laistigh de thrí nóiméad den deatach a análú
- caith cúpla nóiméad ag seiceáil an tsábháilteacht dóiteáin sa tigh, shábhálfadh an méid sin do bheatha i gcás dóiteáin.
Eolas Breise:
http://www.firesafetyweek.ie/
Cosc Dóiteáin sa Bhaile agus Seicliosta Sábháilteachta
- Roghnaigh bealach éalaithe
- Cinntigh nach gcuirtear bac ar bhealaí éalaithe agus go mbíonn teacht orthu go héasca, nach mbíonn doirse deacair le n-oscailt
- Go mbíonn aláraim deataigh ag feidhmiú mar is cóir
- Go mbíonn caoi mhaith ar fhleisceanna leictreacha (ná bídís briste ná sceite)
- Ná bíodh fearas agus solas in aon pholl le chéile
- Ná bíodh aon fhleisc ag síneadh (faoi bhun brat urláir) ná san áit a mbeifear ag siúl orthu.
- Fan sa chistin agus bia á ullmhú
- Ná bíodh cuirtíní ná aon ábhar eile inlasta gar don sorn
- Caithfidh scoilt agus scagaire glan a bheith sa triomadóír éadaí (gan líonolann á bunú)
- Múch téitheoirí so-iompair muna mbíonn éinne sa tseomra agus arís roimh dhul a luí
- Bíodh na téitheoirí céanna ar a laghad trí throigh amach ó aon ábhar inlasta. Ná cuir éadaí ag triomú anuas orthu ná in aice leo.
- Seiceáil an Coire Ola agus bain triail as in aghaidh na bliana
- Seiceáil agus glan an simléar faoi dhó in aghaidh na bliana
- Roimh dhul a luí
dún na doirse
múch fearais leictreacha (ach amháin na cinn – mar chuisneoir, a bhíonn déanta le bheith ar siúl go ceann i bhfad)
cuir sciath os comhair tinteáin
ná bíodh an t-inneall níocháin ar siúl thar oíche
múch téitheoirí so-iompair
múch go hiomlán coinnle agus toitíní
bíodh teacht ag cách ar eochracha doirse agus funneog