Caomhnú Uisce / Bainistiú Éilimh Uisce
Cuireann rogha slí bheatha agus méadú pobail brú leanúnach ar sholáthair uisce. Cothaíonn an méadú ar éileamh fadhbanna, rud a chuireann le na deacrachtaí chun foinsí nua uisce den chaighdeán is airde a aimsiú. Tá céimeanna tógtha ag Comhairle Chontae Chiarraí chun feabhas a chur ar úsáid ár bhfoinsí uisce tríd na tionscnamh seo leanas:-
• Caomhnú Uisce
• Méadrú Uisce
Caomhnú Uisce
Is é an Caomhnú Uisce an réamh-ghníomhaíocht is lárnaí i mbainistiú uisce, rud a chuireann béim ar sceithí a smachtú agus deireadh a chur le cur amú uisce. Is acmhainn nádúrtha teoranta agus luachmhaire é an t-uisce agus caithfear é a úsáid i slí éifeachtach. Más féidir sceithí sa chóras poiblí a smachtú agus deireadh a chur le cur amú uisce, beimid in ann costas cóirithe uisce agus leictreachais a laghdú. Cabhraíonn iarrachtaí caomhnaithe uisce leis an Infheistíocht Caipitil sna Seirbhísí Uisce a chosaint.
Thosnaigh an Tionscnamh Caomhnaithe Uisce i 2005 le ceadú €2.8m ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. B’é chéad chuspóir an tionscnaimh ná réamh-ghníomhaíochtaí éifeachtacha a chur ar bun chun uisce a bhainistiú. Faoi láthair, tá foirne speisialta ag obair ar sceithí uisce a aimsiú agus a dheisiú.
Déanann an tionscnamh iarracht, chomh maith, sceithí agus cur amú uisce a laghdú tríd an brú sna príomhphíopaí a bhainistiú, éileamh custaiméirí tí a laghdú agus modhanna a chur in áit chun an t-éileamh ar uisce a laghdú. Is obair leanúnach í seo.
Méadrú Uisce
De réir Polasaí Praghsála Uisce an Rialtais ba ghá méadar a chur ar uisce gach custaiméara tráchtála ó 2007 amach. Tá foireann tionscnaimh curtha le chéile chun an Méadrú Uisce a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm i gCiarraí.
Tugadh teicneolaíocht isteach chun an méadar a léamh go huathoibritheach ar fud an chontae mar chuid den tionscnaimh. Tá feabhas dá bharr ar éifeacht léitheoireachta na méadar agus ar an méid eolais atá ar fáil.
Tá gach dealramh ann go mbeidh laghdú ag teacht ar úsáid agus ar chur amú uisce de bharr na méadar nua, rud a chabhróidh leis an Tionscnamh Caomhnaithe Uisce mar atá luaite thuas. Táimid ag súil go gcabhróidh an tionscnamh leis an éileamh ar sholáthar uisce a shásamh nuair atá an t-uisce gann ag amanna criticiúla, agus le seirbhísí uisce a chur ar fáil do chustaiméirí nua.