Tá oibriú agus cúram na leithreas poiblí fé chúram na Roinne Seirbhísí Uisce (Oibríochtaí).
Tá 29 leithris poiblí fé chúram na Comhairle agus 19 buan suite sna haiteanna seo leanas – An Bheannach, Baile na Sceilge, Baile an Bhuinneánaigh Thuaidh agus Theas, Baile Uí Thaidhg, Cathair Saidhbhín, Oileán Ciarraí, An Daingean, An Fhianait, Bearna an Choimín, Ceann Mara, Cill Orglan, Baile an Ridire, Ros Beithe, An Caladh, An Scragán sna Machairí, An tSnaidhim, Tairbeart agus An Coireán.
Cuireann Comhairle Contae Chiarraí leithris phoiblí so-ghluaiste nó cinn sealadacha ar fáil i roinnt áiteanna eile chomh maith - An Daingean, Ceann Trá, Inse, Caisleán Ghriaire, An Cromán, Na Cealla, Na Machairí, Ros Beithe agus Dún na Stéige. Agus tá leithreas poiblí i mBéal Bán, Cathair Saidhbhín, mar aontú páirtíochta idir an Chomhairle agus ACARD Teo. Cathair Saidhbhín.
Tá leithris phoiblí ar oscailt i rith na bliana sna háiteanna seo - Baile an Bhuinneánaigh, Baile Uí Thaidhg, Cathair Saidhbhín, An Daingean, Oileán Ciarraí, Ceann Mara, Cill Orglan, An tSnaidhim, Tairbeart agus An Coireán. Bíonn leithris phoiblí eile ar oscailt ar laethanta saoire bainc agus le linn tréimhsí saoire m.sh. An Cháisc, An Samhradh, An Nollag.