Mhuirir um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

nppr logo

 

An Muirear CPN

Tugann Acht (Táillí) an Rialtais Áitiúil 2009 táille bhliantúil €200 isteach ar chónaithe phríobháideacha neamhphríomha, iníoctha ag na húinéirí leis an údarás áitiúil ina bhfuil an sealúchas bainteach suite.

Muirear 2013

Tosóidh bailiú an Mhuirir um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha do 2013 an 31 Márta 2013. Tá muirear 2013 bunaithe ar úinéireacht agus stádas na maoine an 31 Márta 2013. Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh tú an muirear ÁCPN do 2013 a íoc ar an 30 Meitheamh nó roimhe sin d’fhonn táillí d’íocaíocht mhall a sheachaint.

Táillí d’Íocaíocht Mhall 2013

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh tú an muirear ÁCPN do 2013 a íoc ar an 30 Meitheamh nó roimhe sin d’fhonn táillí d’íocaíocht mhall a sheachaint.

Deán Teagmháil Lin:

NPPR, Comhairle Contae Chiarraí,An Roinn Ioncaim,Halla Cuimhneacháin Thomás Ághas,Sráid Denny,Trá Lí, Co. Chiarraí

 

An Reachtaíocht agus Eolas Ginearálta

An Reachtaíocht agus Eolas Ginearálta

Cliceáil ar reachtaíocht

Céard é táille CPN(Cónaí Príobháideach Neamhphríomha)?

Táille bhliantúil €200 is ea í tugtha isteach ag Acht (Táillí) an Rialtais Áitiúil 2009 i ndáil le cónaithe go léir nach n-úsáidtear mar an cónaí príomha nó an t-aon chónaí amháin atá ag an úinéir.

Céard é Cónaí Príobháideach Neamhphríomha?

Ar a shimplí, aon chónaí nach n-úsáidtear ag an úinéirmar a chónaí príomha nó an t-aon chónaí amháin atá aige nó aici is cónaípríobháideach neamhphríomha é sin.

An mbaineann an táille le sealúchas cónaithe lasmuigh d’Éirinn?

Ní bhaineann an táille ach le tithe suite in Éirinn.

Cén saghasanna sealúchas a dhlitear Táille CPN a chur orthu?

Is iad na príomhchineálacha sealúchas cónaitheach a ndlitear táille a chur orthu ná sealúchais phríobháideacha ar cíos; sealúchais folamha (ach amháin cónaitheacha nua ach neamhdhíolta nach raibh riamh in úsáid mar chónaitheacha agus atá mar chuid de stoctradáil gnó) agus tithe saoire.

An ndlitear Táille CPN a chur ar fhoirgneamh roinnte in árasáin nó mionarásáin?

Sea. Tá an táille iníochta ar gach aonad cóiríochta. I gcás go roinntear foirgneamh in árasáin nó mionárasáin, dlitear an táille a chur ar gach arásán nó mionárasán mar shampla má tá an foirgneamh roinnte i gceithre mionárasán bheadh táille €200 x 4 = €800 i gceist.

An ndlitear táille CPN a chur ar theach ligthe ar cíos do roinnt áititheoirí mar aonad amháin?

Sea, is é €200 an táille don teach.

Tá teach soghluaiste agam. An ndlitear táille a chur air?

Ní dhlitear táille um chónaí príobháideach neamhphríomha a chur ar theach soghluaiste.

 


Díolúintí

An bhfuil aon díolúintí ón Táille CPN?

Moltar duit alt 4 den Acht a sheiceáil do mhionsonraí.  Is treoir an liosta giorraithe seo a leanas, áfach:

Díolúintí:

1.    Cónaitheacha Príobháideacha Príomha

2.    I gcás go bhfuil duine i bpáirtseilbh chónaitheach mar a phríomhchónaí nó a príomhchónaí nó mar an t-aon teach amháin atá aige nó aici agus go mbaineann siad leas as Scéim Seomra ar Cíos na gCoimisinéiri Ioncaim

3.    Iontaobhaithe roghnacha nó boird chorparáideacha ar a dtugtar stádas carthanacha

4.    I gcás go bhfuil duine ag bogadh tí agus, sa phróiseas, go bhfuil dhá theach ina sheilbh ar feadh achar gearr go leor.

5.    Comhúinéireacht sealúchais tar éis aontú colscartha nó scartha.

6.    I gcás go bhfágann duine atá úinéireacht chónaí príobháideach príomha an teach sin aige nó aici de bhrí go bhfuil sé nó sí faoi éagchumas fadtéarmach de bharr tinneas fisiceach nó meabhrach

7.    I gcás go gcónaíonn gaol an úinéara san áitreabh saor ar cíos agus go bhfuil an uinéir ina chónaí sa sealúchas céanna nó laistigh de dhá chiliméadar ón áitreabh i gceist.

8.   Sa chás go bhfuil conradh sínithe ann idir tiarna talún agus Údarás Áitiúil faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos maidir le háit chónaithe, beidh an áit chónaithe díolmhaithe ón muirear NPPR ar an dáta dliteanais, .i. 31 Iúil 2009 agus 31 Márta 2010 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

Déan teagmháil leis an údarás áitiúil lena mbaineann má tá aon amhras ort faoi dhliteanas do shealúchais i.e. an Chomhairle Chontae nó Comhairle Chathrach ar a bhfuil an sealúchas suite. Gheobhaidh tú naisc do na húdaráis áitiúla go léir ar ár leathanach Déan Teagmháil linn.   

 


An Táille agus dLiteanas

Cé mhéad é an táille?

Tá antáille leagtha síos ag ráta bliantúil €200 in aghaidh an chónaitheachphríobháidigh phríomha ach féadfaidh táille shuntasach a bheith mar thoradh aríocaíocht dhéanach- “Céard é táille íocaíocht dhéanach?”

Cathain a dhlitear ort táille a íoc?

Mar atáleagtha amach in Acht (Táillí) an Rialtais Áitiúil 2009, deimhnítear dliteanasas an táille a íoc ar bhonn úinéireachta an tsealúchais i gceist ar lá amháingach bliain. Is iad31st Iúil do 2009 agus 31st Márta do 2010 agus do bhlianta amach anseo na dátaíseo ar a dtugtar “an dáta dlisteanach.”  Ní mór an táille a íoc laistighde thrí mhí ón dáta dlistineach (31st Deireadh Fómhair in 2009 agus 30thMeitheamh do 2010) chun táille ar íocaíochtaí déanacha a sheachaint.

Cé a íocann an táille i gcás sealúchais atá i gcomhúinéireacht a ndlitear táille a chur air?

Titeann dliteanas ar chomhúinéirí go léir achcomhlíonann íocaíocht ag aon chomhúinéir amháin an dliteanas do chomhúinéirí goléir.

Is tiarna talún mé a ligeann sealúchas ar cíos do dhuine atá ag fáil Forlíonadh Cíosa. An ndlitear díom as an sealúchas sin?

Sea. Díolmhaítear sealúchais sa Scéim Chóiríochta Cíosaach ní dhíolmhaítear sealúchais atá ligthe ar cíos do dhaoine atá ag fáilForlíonadh Cíosa.

Táim ag bogadh tí agus tá dhá shealúchas i mo sheilbh agam ar bhonn sealadach – an bhfuil sé riachtanach dom an táille a íoc?

Is féidir leis an úinéir iarratas a chur isteach iscríbhinn chuig a údarás áitiúil le haghaidh aisíocaíochta.

I gcás go bhfuilim ag díol mo thí – conas is féidir liom a chruthú go bhfuil an táille íoctha agam?

Is féidir leat iarratas a chur isteach chuig an údarásáitiúil ábhartha teastas a thabhairt duit mar gheall air seo. Beidh an íocaíocht seo ina fhianaiseíocaíochta agus comhlíonfaidh sí aon dliteanas ar íocaíocht an táille gofoirmiúil.

Táim colscartha/scartha – an dlitear díom an táille a íoc?

Má tá duine colscartha nó scartha (scartha dlíthiúilarna dheonadh) ní dhlitear é nó í táille a íoc i gcás go gcónaíonn sé nó sí idteach an teaghlaigh mar a bhíodh agus atá anois mar chónaí príobháideachpríomha. I gcásnach gcónaíonn an páirtí eile don cholscaradh nó don scaradh sa teach bunaidhach go gcoimeádann sé nó sí leas in úinéireacht an tsealúchais de bhua anaontaithe cholscartha nó scartha, forálann an tAcht nach ndlitear an duine sintáille a íoc i ndáil leis an sealúchas sin.

An bhfuil díolúntas ann do dhuine nach mór a thógáil isteach i gcúram de bhrí go bhfuil sé nó sí faoi éagchumas de bharr tinnis agus a choimeádann úinéireacht ar a theach nó a teach nó ar a árasán nó ar a harasán?

Sea. Má tá ar dhuine a chónaí príobháideach príomha afhágáil (atá in úinéireacht aige nó aici) de bharr éagchumas fadtéarmach agéirí as tinneas fisiceach nó meabhrach, díolmhaítear an sealúchas as an táillebeag beann ar an úsáid a bhaintear as ina dhiaidh sin. Feidhmíonn an díolúntas beag beann ar céacu an gcónaíonn an duine i dteach banaltrais nó in ionad cúraim, nó angcónaíonn sé nó sí le gaolta nó nach gcónaíonn. Is é an t-aon choinníoll amháinatá ann nach mór úinéireacht a bheith ag an duine ar an sealúchas ina gcónaíonnsé nó sí anois.

Tá árasán muintire agam ina gconaíonn gaol – an ndlitear táille €200 a chur orm?

Tá díolúntas ag árasán muintire ón táille má chónaíonngaol leis an úinéir (nó gaol le céile nó páirtí an úinéara) ann saor ó chíosagus mura bhfuil sé suite níos mó ná dhá chiliméadar ó theach cónaithe anúinéara.

 


Íocaíocht Ar Líne

Conas agus cé leis is féidir liom an táille a íoc?

Tá dearbhú úinéireachta an tsealúchais i gceistriachtanach chun cláraithe nuair atá tú ag íoc na taille ar an sealúchas donchéad uair. Téigh go dtí www.nppr.ie chun cláraithe agus íoc. Ceadóidh sé seorochtain éasca agus faoi rún duit chun féachaint ar do chuntas nó chun doMhionsonraí Cuntais a athrú nó chun CPN a chur le do chuntas de réir mar is gá,amach anseo.

Céard iad na mionsonraí atá ag teastáil uaim chun mo Chónaí Príobháideach Neamhphríomha a chlárú.

Tá na mionsonraí seo aleanas ag teastáil le linn cláraithe

- ainm úinéir antsealúchais - i gcás ilúinéirí níl ach ainm amháin ag teastáil

- seoladh úinéir antsealúchais le haghaidh comhfhreagrais

- seoladh cónaípríobháideach neamhphríomha

- uimhir PSPúinéara an tsealúis nó i gcás ilúinéirí uimhir PSP na hainme iontráilte ar anbhfoirm (níl sí ag teastáil má tá do thír chónaitheach lasmuigh d’Éirinn)

- uimhirthagartha chánach an úinéara i gcás gur cuideachta an úinéir.

- mionsonraí do chártaíocaíochta- Laser, MasterCard nó Visa (lena n-áirítear dearbháin íochtharoimhré)

 

D’fhéadfadhuimhir thagartha chánach a bheith ina huimhir thagartha ar aon fhoirmthuairisceán ioncaim nó fógra measúnaithe eisithe chuig cuideachta ag naCoimisinéirí Ioncaim nó clárú na cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí.

An féidir liom íoc as ilsealúchais ar líne?

Is féidir leat íoc as ilsealúchais sa chóras ar líne?

Céard é an nós imeachta d’íocaíochtaí ar líne?

Nuair alogálann tú isteach i www.nppr.ie beidh an dá roghaseo a leanas agat le híoc:

 

CUSTAIMÉIR

Más custaiméirnua thú cliceáil le do thoil ar an gcnaipe “Tosaigh”. Tógfar thú tríphróiseas céim ar chéim do chlárú conaí príobháideach neamhphríomhá nó cónaithepríobháideacha neamhpríomha agus d’íocaíocht an táille nó na dtáillí.

 

Ginfear CódTagartha Cuntais duit. Is uimhir uathúil d’Uimhir Thagartha Cuntais ashainaithníonn do chuntas. Beidh sí ag teastáil uait chun do chuntas ashainaithint ag Oifig Údaráis Áitiúil nó chun logáil isteach ar an gcóras arlíne.

 

Má roghnaíonntú do chuntas a ghníomhú tríd an ríomhphost trí do sheoladh ríomhphoist asholáthar ag an bpróiseas cláraithe, cuirfear do chód tagartha cuntais tríd anríomhphost chugat in éineacht le d’uimhir aitheantais phearsanta (PIN) óngcóras CPN agus déan d’fhillteán turscair/bruscair a sheiceáil le do thoil.

 

Is féidir anCód Tagartha Cuntais agus uimhir aitheantais phearsanta (PIN) seo a úsáid lehaghaidh aon táille a fhéadfar a bheith le híoc amach anseo i.e. 2010 etc.

 

CUISTIMÉIRÍREATHA

Más custaiméirreatha thú cliceáil an cnaipe “Logáil Isteach” le do thoil. Tabhair faoi dearale do thoil go mbeidh do Chód Tagartha Cuntais agus uimhir aitheantaisphearsanta (PIN) ag teastáil uait.

 

Cá háit ar féidr liom mo Chód Tagartha Cuntais a fháil?

Ginteard’uimhir thagartha Cuntais nuair a chláraíonn tú leis an gcóras CPN don chéaduair. Taispeánfar í ar an scáileán agus ba cheart í a thabhairt faoi dearad’úsáid amach anseo. Beidh sí le feiceáil ar d’admháil íocaíochta freisin.

An úsáidim an Cód Tagartha Cuntais céanna gach uair a íocaim mo tháille sealúchais ar líne?

Sea, úsáidfidh tú d’uimhir Thagartha Cuntais agus d’uimhir aitheantais phearsanta (PIN) chun logáil isteach ar an gcóras CPN ar líne. Tá do Chód Tagartha Cuntais le feiceáil ar aon cheann de na hadmhálacha íocaíochta a fuair tú.

Tá mo Chód Tagartha Cuntais caillte agam agus níor chláraigh mé le seoladh ríomhphoist nó ní féidir mo sheoladh ríomhphoist a léamh.

Más custaiméir reatha thú agus do Chód Tagartha Cuntais dearmadta agat cliceáil le do thoil ar an gCód Tagartha Cuntais Dearmadta ar an scáileán Logáil Isteach.  Iarrtar ort d’ainm bhaiste, do shloinne, uimhir PSP, ceist slandála/freagra agus seoladh ríomhphoist a chur isteach. Chomh luath agus atá an cnaipe “Seol” cliceáilte agat gheobhaidh tú Cód Tagartha Cuntais tríd an ríomhphost.

Céard í an uimhir PIN?

Má tá do sheoladh ríomhphoist cláraithe agat le do chuntas seolfar uimhir aitheantais phearsanta (PIN) chuig do sheoladh ríomhphoist go huathoibreach.  Tá do PIN chomh maith le do Chód Tagartha Cuntais ag teastáil chun logáil isteach i do chuntas. Anseo is féidir leat féachaint ar do chuntas, do Mhionsonraí Cuntais a athrú, CPN a chur le do chuntas nó íocaíocht a dhéanamh.

Cá háit ar féidr liom m’uimhir aitheantais phearsanta (PIN) a fháil?

Más custaiméir reatha thúagus go bhfuil dearmad déanta agat ar d’uimhir aitheantais phearsanta (PIN) táan rogha agat cliceáil ar Lost PIN ar an scáileán Logáil Isteach.Iarrtar ort do Chód Tagartha Cuntais agus seoladh ríomhphoist a chur isteach.Chomh luath agus atá an cnaipe “Seol” cliceáilte agat gheobhaidh tú d’uimhiraitheantais phearsanta (PIN) tríd an ríomhphost.

Moltar go roghnaíonn tú dochuntas a ghníomhachtú tríd an ríomhphost. Geobhaidh tú d’uimhir aitheantaisphearsanta (PIN) trí ríomhphost ón gCóras CPN; déan d’fhillteántuscair/bruscair a sheiceáil le do thoil.

Céard é mo Cheist agus Freagra Rúnda?

Soláthraíonn an Cheist agus Freagra Rúnda (nóSlándála) an dara leibhéal slandála sa bhreis ar do Ghnáthchód Tagartha Cuntaisagus gnáthuimhir aitheantais phearsanta (PIN). 

Ceann de nabealaí a chosnaíonn an Córas CPN agus Foireann Tacaíochta CPN cuntais órochtain neamhúdaraithe ná iarraidh ort d’eolas cuntais a dhearbhú, ar nósd’Ainm Bhaiste, do Shloinne, uimhir PSP agus Ceist Rúnda.

Nuair a iarranntú do Chód Tagartha Cuntais, tacaíocht theicniúil, nó nuair a bhíonn ceisteannaagat faoi do chuntas, iarrfaidh ball Foirne Tacaíochta CPN do Cheist Rúnda ortde ghnáth, mar dheimhniú gur tú an duine a deir tú atá ann.

Thuairteáil mo ríomhaire fad a bhí mé ag íoc --- cad a dhéanfaidh mé?

Mábhfuair tú an ríomhphost le d’uimhir aitheantais phearsanta (PIN) ansin bacheart duit logáil isteach sa chóras. Ar leathanach mionsonraí CPN is féidirleat seiceáil cibé an raibh an íocaíocht rathúil maidir le gach ceann de nasealúchais. Mura bhfuil sé rathúil is féidir leat leanúint ar aghaidh arís chuníoc ar líne do na CPNanna ábhartha. Mura bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh nómá tá deacrachtaí teicniúla agat déan teagmháil le do thoil le tacaíochttheicniúil CPN ag support@nppr.ie

Conas a gheobhaidh mé m’admháil?

Isféidir leat d’admháil a chlóbhualadh ón gcóras ar líne nuair a chomhlánann túíocaíocht nó seolfar admháil chugat tríd an ríomhphost chuig do sheoladhríomhphoist má tá ceann tugtha agat le linn cláraithe. Coimeád d’admhálacha le do thoil.

Céard is “táille íocaíocht dhéanach”?

Forálannan tAcht mura n-íoctar táille laistigh de mhí tar éis an dáta dheireannaigh lehaghaidh íocaíochta, beidh táille dhéanach i bhfeidhm do gach mí nó cuid de mhía mbeidh an táille €200 neamhíoctha. Do 2009, ciallaíonn sé seo go mbeidh antáille íocaíocht dhéanach i bhfeidhm ar íocaíochtaí go léir déanta tar éis an31 Deireadh Fómhair 2009 agus do 2010 beidh sí i bhfeidhm do gach íocaíocht taréis an 30 Meitheamh 2010. Is é €20 in aghaidh na míosa nó cuid de mhí aníocaíocht dhéanach agus leanfaidh sí ag méadú chomh fada agus a mbíonn an táillegan íoc agus féadfaidh an méid bainteach a bheith substaintiúil.  

 


CPN A Bhaint

Ní úinéir CPN mé a thuilleadh – cad ba cheart dom a dhéanamh?

Murabhfuil úinéireacht agat ar CPN a chláraigh tú roimhe seo sa chóras ansinféadfaidh tú an bhaint atá agat leis an CPN áirithe a bhaint amach. Féadfaidh éseo a dhéanamh ar leathanach mionsonraí “Charges” áit a iarrfar cúis a roghnúdon bhaint sin a dhéanamh sa liosta titime síos.

 


 

 

Aisíocaíochtaí

Conas a chuirim iarratas isteach ar aisíocaíocht?

Pléitearle hiarratais ar aisíocaíochtaí ag na húdaráis áitiúla. Má chuireann duineisteach ar aisíocaíocht chuig an údarás áitiúil ar shealúchas laistigh denúdarás áitiúil sin agus má tá aisíocaíocht dlite, ansin eiseoidh an t-údarásáitiúil íocaíocht ar an méid atá cuí don duine. Féadfaidh iarratais a dhéanamhtrí http://www.nppr.ie/contactus a chuirfear ar aghaidh chuig an ÚdarásÁitiúil nó is féidir le duine glao a chur ar/ nó scríobh chuig an ÚdarásÁitiúil i gceist.

Cúiseanna le haghaidh Aisíocaíochta

Féadfaidhaisíocaíocht a bheith i bhfeidhm i gcás duine, agus é nó í ag bogadh tí, le dháshealúchas ina sheilbh nó ina seilbh do thréimhse shealadach.  (Féachthuas Táim ag bogadh tí agus tá dhá shealúchas i mo sheilbh agam ar bhonnsealadach – an bhfuil sé riachtanach dom an táille a íoc fós?)

Tá íocaíocht dhúbailtedéanta trí bhotún.

Féadfaidh aisíocaíocht a bheith i bhfeidhm mádhéantar íocaíocht agus nach raibh an úinéir ar an eolas go raibh an sealúchasdíolúinte dáiríre ar an dáta dliteanais (féach díolúintí thuas).

 

 

 

Tabhair faoi deara gur i bhformáid PDF atá na foilseacháin seo agus go bhfuil Adobe PDF Document Adobe Acrobat de dhíth lena léamh.

Foirm Chlárúcháin do Chustaiméir Nua
(Size: 639 KB)

Custaiméir ag filleadh - Foirm Athnuachana 2013
(Size: 662 KB)

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • valid css
  • wcag 1.0 AAA compliant
  • xhtml 1.0