Tá Oifigí na Roinne Tithíochta suite in Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí.
‘Sé aidhm na Roinne Tithíochta ná cinntiú go bhfuil tigh oiriúnach ag gach duine chun maireachtaint ann ar cíos réasúnta. Deintear é seo trí tithe a chur ar fáil ar cíos do dhaoine nach bhfuil lóistín acu agus chun cabhrú le daoine a thithe féin a fheabhsú trí iasachtaí agus deontaisí a chur ar fáil dóibh.
Deineann an Chomhairle gach iarracht scéimeanna na Roinne Tithíochta a fhógairt ach sin ráite, tá an fhreagracht ar an bpobal an chéad teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle. Éinne atá suim acu ins na seirbhísí a ofrálann an Roinn Tithíochta, ba cheart dóibh dul i dteagmháil leis an Roinn ag Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí.
Bíonn foirm le líonadh i bhformhór dos na scéimeanna. Deineann Comhairle Contae Chiarraí gach iarracht forbairtí inbhuanaithe agus iniamh sóisialta a chur san áireamh in ár gcuid oibre.
Tá An Roinn Tithíochta ar oscailt óna 9.00 go 5.00in, Luan go hAoine, am lóin san áireamh.
Sonraí Teagmhála:
An Roinn Tithíochta, Áras an Chontae, Trá Lí, Co. Kerry.
T. 066-7183862 F. 066-7183612