Scéim Dáilte Tithíochta Sóisialta

Tá na cáipéisí seo leanas i bhformáid PDF agus tá gá le  Adobe PDF Document Adobe Acrobat chun iad a léamh. (Osclaíonn na cáipéisí seo ar leathanach éagsúil.)

Scéim Dáilte Tithíochta Sóisialta

Scéim Dáilte Tithíochta Sóisialta

(Tá an scéim iomlán mar a ghlacadh leis ar fáil ar iarratas ón Roinn Tithíochta)

Chuir Comhairle Contae Chiarraí an Scéim Dáilte seo le chéile i gcomhréir le hAlt 22 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009 agus Rialacháin Dháilte Tithíochta Sóisialta 2011

An aidhm atá leis ná chun bonn tosaíochta a leagan amach do

(a) dháileadh tithíochta sóisialta dóibh siúd a bhfuil cruthaithe go bhfuil gá acu le cóiríocht agus

(b) iarratais aistrithe ó thionóntaí na Comhairle.

Baineann an Scéim seo le háitribh:

(i) Ar leis an gComhairle iad.

(ii) Atá ar léas, ar cíos nó ar conradh ag an gComhairle.

(iii) Ar le Comhlachtaí Tithíochta Faofa (AHBS) iad. 

 

Ord Tosaíochta d’Iarratais

(agus tithíocht sóisialta á dáileach)   

 

Is é seo leanas an tOrd Tosaíochta

a) Iarrthóirí atá ina gcónaí in áitribh a meastar a bheith dainséarach daoine atá á ndíláithriú ag an Údarás Áitiúil.

b) Iarrthóirí atá ag cónaí i gcúinsí ró-phlódaithe.

c) Iarrthóirí atá ag cónaí i gcúinsí mí-oiriúnacha.

d) Iarrthóirí a bhfuil gá acu le tithíocht toisc míchumas nó ar chúiseanna liachta nó atruacha.

e) Seandaoine.

f) Lucht Siúil

g) Daoine a deineadh a n-iarratais a mheas agus a fhaomhadh le haghaidh Tacaíocht Tithíochta Sóisialta.

 Critéir eile

(i) Má tá roinnt iarrthóirí sa chatagóir céanna cuirtear san áireamh an méid ama mar iarrthóir cáilithe.

(ii) Má tá cúinsí liachta eisceachtúla á maíomh ba cheart go dtaispeánfaí go bhfeabhsódh tacaíocht tithíochta sóisialta cás an duine sin.

(iii) Tabharfar aird ar an leibhéal éilimh ó na catagóirí éagsúla agus tabharfar tosaíocht ar leith do theaghlaigh aonair.

(iv) Is féidir leis an gComhairle neamhaird a dhéanamh den chóiríocht ina bhfuil iarrthóirí má cheaptar gur áitigh siad cóiríocht mhí-oiriúnach ar mhaithe lena seans chun tionóntacht ón gComhairle a fháil a fheabhsú

(v) Tá na dáiltí ar fad faoi réir Alt 5.2 agus prionsabail dea-bhainistiú eastáit.

(vi) Is é seo ord tosaíochta na gComhlachtaí Tithíochta Faofa (AHBS) leis.

 

EISCEACHTAÍ

Is féidir leis an gComhairle neamhaird a dhéanamh den ord tosaíochta i gcás daoine gan dídean nó daoine a bhfuil gá acu le cóiríocht de bharr cúinsí eisceachtúla ar nós tine, tuile etc. nó i gcás ina bhfuil athfhorbairt á déanamh ag an gComhairle ar an gCeantar nó má tá cúiseanna eisceachtúla liachta nó atruacha.

Maidir le dáileadh faoin Scéim um Chóiríocht Cíosa (RAS) is é an phríomhchritéir an méid ama atá an teaghlach ag fáil forlíonadh cíosa agus an méid ama ó fuair sé faomhadh le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta.

 

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Is féidir leis an gComhairle cion áirithe tithíochta a dháileadh ar:

a)      Seandaoine, daoine le míchumais etc.

b)      Teaghlaigh atá ag aistriú ó chineál eile tacaíochta tithíochta sóisialta (e.g. Aonaid RAS, Aonaid Dheonacha)

c)      Cineálacha ar leith tionachta ar nós áitreabh faoin Scéim Ceannaigh Incrimintigh (Incremental Purchase)

d)      Ligin Roghabhunaithe (CBL)

   

Breithniú ar DHIÚLTÚ do Thairiscintí

a)      Má dhiúltaíonn teaghlach do dhá thairiscint réasúnta ó údarás tithíochta sa cheantar thar thréimhse 12 mhí, ní chuirtear san áireamh iad do dháileadh áitribh go ceann bliana ó dháta an dara diúltú.

b)      Meastar tairiscint a bheith réasúnta má chomhlíonann sé riachtanais chóiríochta an teaghlaigh sa cheantar sonraithe. Má dheineann an Chomhairle tairiscint de bharr cúinsí eisceachtúla ar nós tine etc. ní gá gur sa rogha cheantar atá an chóiríocht le go meastar í a bheith réasúnta.

c)      Is diúltú cóiríochta é diúltú do thairiscint faoi RAS nó Léas.

d)      Áirítear mar dhiúltú cóiríochta diúltú d’aon údarás tithíochta sa rogha cheantar sonraithe.

 

Diúltú Dáilte ón gComhairle

De réir na nAchtanna Tithíochta is féidir leis an gComhairle dáileadh a dhiúltú má tá siad den tuairim go bhfuil an t-iarrthóir nó duine dá theaghlach:

 

  1. I mbun iompair fhrithshóisialta.
  2. Díshealbhaithe cheana ó chóiríocht de chuid an údaráis áitiúil.
  3. Áitiú déanta go mídhleathach ar chóiríocht de chuid an údaráis áitiúil.
  4. Tar éis áitreabh de chuid an údaráis áitiúil a fhágáil i bhfiacha cíosa (d’fhéadfaí iarrthóir a chur san áireamh ar an mbonn gur glanadh na fiacha)
  5. Tar éis áitreabh de chuid an údaráis áitiúil a fhágáil agus faillí déanta ar a chothabháil.
  6. Ag déanamh suiteáil ar nó a dhein suiteáil cheana ar áitreabh de chuid an údaráis áitiúil.
  7. Tar éis bagairt a dhéanamh ar bhaill foirne an údaráis áitiúil nó caithimh go foréigneach leo.

viii. Ionramháil déanta ar chúinsí tithíochta chun tosaíocht a fháil nach mbeidís ina teideal.

  1. Ag diúltú eolas a thabhairt nó ag tabhairt eolais bhréagaigh don Chomhairle ar an bhfoirm iarratais nó ag an agallamh.

 

 

  1. Dá mbeadh dáileadh i gcoinne dea-bhainistiú eastáit.
  2. Má seirbheáladh Fógra Dídhílsithe ar thigh inar chónaigh an t-iarrthóir nó duine dá theaghlach.
  3. Dá mbeadh ró-phlódú de bharr an dáilte.

xiii. Aon iompar eile i Straitéis um Iompar Frithshóisialta Údarás Áitiúil Chiarraí.

 

AISTRIÚ TIONÓNTAÍ

Ní dhéanfar Tionóntaí na Comhairle (SHI, RAS, AHB san áireamh) a mheas d’aistriú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

 

a)      Ró-phlódú.

b)      Má theastaíonn ó sheandaoine aistriú go háitreabh níos lú.

c)      Cúinsí liachta no atruacha eisceachtúla.

d)      Chun ceannach tionónta a éascú.

 

Ní mór do thionóntaí atá ag iarraidh aistriú:

 

a)      Cíos a bheith íoctha ina iomlán le 6 mhí anuas.

b)      Gach táille eile a bheith íoctha.

c)      Caoi shásúil a bheith ar an áitreabh i ndiaidh a scrúdaithe.

d)      Coinníollacha Aontú Ligin na Comhairle a chomhlíonadh.

e)      Gan a bheith bainteach le hiompar frithshóisialta.

f)       Bheith ina dtionóntaí san áitreabh le dhá bhliain ar a laghad.

g)      Dea- Bhainistiú Eastáit a chomhlíonadh.

 

 

AISTRITHE IDIR CHOMHAIRLÍ

Is féidir cead a thabhairt do thionóntaí na Comhairle aistriú go hÚdarás Áitiúil eile má aontaíonn an dá údarás agus aon aistriú a bheith faoi réir na mbonn maidir le tairiscintí cóiríochta a dhiúltú.

 

IAR THIONÓNTAÍ ÚDARÁIS ÁITIÚIL

Ní dhéanfaidh an Chomhairle Iarratais Tithíochta ó iar thionóntaí Údaráis Áitiúil nó RAS a fhaomhadh ar feadh tréimhse bliana ón dáta a tugadh suas an tionóntacht agus go dtí go bhfuil:

 

(a) Cíos na tionóntachta ina rabhadar íoctha ina iomlán.

(b) Tréimhse dhá bhliain ann gan taifead d’iompar frithshóisialta sula nglactar le hiarratas nua.

(c) Gach costas (slándáil, glantacháin etc.) a bhaineann le damáiste a dhein an t-iarthionónta don áitreabh íoctha ina iomlán.

 

CÚRSAÍ RÉAMH-THIONÓNTACHTA

Ní mór d’aon duine atá ag iarraidh bheith ina thionónta agus gach ball dá theaghlaigh freastal ar Chúrsa Réamh-Thionóntachta má iarrtar orthu nó tarraingeofar siar an tairiscint

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image