Tithíocht Údarás Áitiúil
Is iad na hÚdaráis Áitiúla is mó a chuireann tithe ar fáil do dhaoine a bhfuil gá le tithíocht acu ach nach acmhainn dóibh a leithéid agus deintear amhlaidh trí réimse tithe a chur ar fáil ar cíos do riachtanais cóiríochta éagsúla. Le bheith curtha san áireamh do thig dá leithéid, dein iarratas ar d’údarás aitiúil - Comhairle Contae Chiarraí, Comhairle Baile Chill Airne, Comhairle Baile Lios Tuathail nó Comhairle Baile Thrá Lí.
An gcáilím?
Má tá gá agat le tigh agus mura acmhainn leat a leithéid, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thigh ón údarás áitiúil. Agus d’iarratas á mheas, féachfaidh an t-údarás áitiúil ar nithe áirithe ar nós… an líon tí, ioncam an tí, do chóiríocht fé láthair (más ann do) staid na cóiríochta sin agus aon riachtanas fé leith, aois, míchumas, cúinsí leighis srl.
Dáiltear tithe ar iarrthóirí de réir tosaíochta, ag cur gach cúinse san áireamh. Beidh an cíos ag braith ar do chumas íocaíochta.
Cá deinim iarratas?
Ta foirmeacha iarratais ar fáil ón Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Trá Lí, Co. Chiarraí. Fón (066) 7183862 (066) 76183705
Más mian leat a bheith san áireamh ar thithíocht sa thrí Chomhairle Baile (Cill Airne, Lios Tuathail nó Trá Lí) is cóir teagmháil a dhéanamh leo ag:
|
Housing Department, |
Housing Department, |
Housing Department, |