Forbairt Turasóireacht agus Bonneagar Ailtireachta

Tourism Header

Tugtar ‘An Ríocht’ ar Chiarraí agus is ann atá na radhairc is breátha agus is mó cáil sa tír. Chífidh tú sléibhte maorga, cósta luaineach, tránna fada gainimh, locha, inbhir, aibhnte, muiríníagus coillearnach. Cuirfear fearadh na fáilteromhat sna bailte agus sráidbhailte.  Tá oileáin, Páirceanna Náisiúnta, Suíomh Oidhreacht Domhanda UNESCO agus Tearmann Spéir Dhorcha Ór-Shraith.Tar anso go Ciarraí má tá eachtraíocht gníomhaíocht  uait – téir ag dreapadh ar Chorrán Tuathail, an sliabh is airde sa tír agus ar Chnoc Bhréanainn.  Roghnaigh ceann éigin de na slite siúlóide nó raonta rothar mar a bhfuil an radharcra is breátha ar fad. Cois trá beidh rogha agat idir surfáil, seoltóireacht, cadhcáil, clárchéaslú nó snámh.  Bain triail as boghdóireacht, millín péinte, cairtireacht, galf, iascaireacht, marcaíocht nó réadóireacht.....Tá an méid sin go léir amach romhat i gCiarraí.  Gheobhaidh tú taithí anso i gCiarraí – dein arán sóide nó potadóireacht,  foghlaim Gaeilge – bain leas as an saoire chun scil nua a fhoghlaim.  Tar go Ciarraí chun do scíth  a ligint – téir ag taisteal thart ar na Leithinsí Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthaigh, Béarra is ar Chiarraí Thuaidh  agus féadfadh tú lón breá a chaitheamh go teolaí cois tine ar an slí. Más fearr leat picnic, suigh síos go fóill ag baint taitneamh as an dtírdhreach aoibhinn sula mbaintear triail as gach a bhfuil anso againn i gCiarraí.

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image