Ar Lorg do Shinsear

Ón mbliain 1700 ar aghaidh d’imigh thart ar 10 milliún daoine on oileán seo chun saol nua a bhaint amach i Stáit Aontaithe Meiriceá, i gCeanada, san Astráil, sa Bhreatain nó i mórán tíortha eile.  Tá thart ar 80 milliún anois ar fud an domhain adeir gur de shliocht Éireannach iad agus an-chuid acu ag lorg eolas ar a shinsir.   Tá sonraí ginealeolaíochta ar fáil ar líne (féach na naisc thíos) ach más suim leat a leithéid seo fad is atá tú ar saoire i gCiarraí, seo iad na hacmhainní atá ar fáil:

Tá roinn staire agus cartlainne i Leabharlann Chontae Chiarraí, Tobar Maigh Doire, Trá Lí www.kerrylibrary.ie mar a bhfuil bailiúchán mór de thaifid ghinealaigh a bhaineann le Contae Chiarraí.  San áireamh tá an Suirbhé Logainmneacha Chontae Chiarraí, nuachtáin ón 19ú Aois, léarscáileanna áitiúla, leabhair faoi Chiarraí agus ó údair Chiarraí maraon le mórán sonraí eile i dtreo taighde ghinealaigh.

Seo naisc eile úsáideacha:  www.logainm.ie

www.rootsireland.ie

www.familyresearch.org/eng/default.asp

www.censusnationalarchives.ie

www.askaboutireland.ie

whitehouse sydney
An Tigh Bán An Tigh Ceoldráma, Sydney
redeemer giza
Críost an Slánaitheoir, Rio de Janeiro Pirimidí Giza

 

 

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image