Gníomhachtaí & Eachtraíocht

Croch suas tú féin i measc radharcra iontach agus sléibhte is gleannta iargúlta, lochanna is aibhneacha gléghlan agus na mílte imeall trá.  Bain triail as na spóirt eachtraíochta atá ar fáil i gCiarraí mar abseiling, sléibhteoireacht, surfáil,  tumadóireacht scúba, rianadóireacht, cláirsheoltóireacht, seoltóireacht nó cadhcáil.  Tá réimse leathan mar sin anso i gCiarraí, roghnaigh ceann nua nó tabhair dúshlán faoi spórt atá agat cheana féin.  Níos staidéartha b’fhéidir bheadh marcaíocht, galf nó iascaireacht, táid siúd leis againn.  Féadfar scíth a ligint i ndeireadh an lae sa chóiríocht ardchaighdeáin atá ar fáil ar fud an chontae nó dein maitheas do na matáin trí chóireáil spá....bain taitneamh as!

 Surfer

Saoire difriúil ar fad atá sna ceantair Ghaeltachta i gCiarraí mar a bhfuil an Ghaeilge mar theanga dhúchais.  Seo na bailte is na sráidbhailte in Iarthar Chiarraí mar Bhaile an Fhirtéaraigh, Ceann Trá, Daingean Uí Chúis agus i nDeisceart Chiarraí tá Cill Rialaig, Baile an Sceilg, Doire Fhionáin.  Ansan arís tá na hoileáin; An Blascaod Mór, An Sceilg Bheag agsu Sceilg Mhichíl.  Gheofar blas ar an dteanga beo is ar chultúr na háite trín gceol,  amhrán, rince agus féilte.  Cloisfear an Ghaeilge á labhairt ag cainteoirí dúchais a bhfuil rún acu í a choimeád beo, féadfar í a fhoghlaim anso chomh maith le heolas ar an gcultúr, oidhreacht agus nósanna dúchais.

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image