Lóistín & Bia

Is cuma cé acu atá uait chun scíth a ligint i ndeireadh an lae, fanacht in óstán 5* nó campáil amuigh faoin spéir, beidh rogha éigin i gCiarraí oiriúnach don mbuiséad agat.Tá idir óstáin agus spánna ar chaighdeán domhanda againn, cinn eile mar a mbeidh linnte agus gníomhaíochtaí don chlann go léir.  Cuirfear fearadh na fáilte romhat in aon cheann den raidhse B&B agus tithe lóistín mar a gcuirfidh na húinéirí ar an eolas tú maidir le conláistí na háite. In aice na farraige bíonn páirceanna carbhán agus campála mar a gcloistear torann na dtonn ist oíche. Tá gach saghas rud i gCiarraí!

www.kerrygems.com

www.gokerry.ie

www.discoverireland.ie

Tent

Anso i gCiarraí tá na hamhábhair ar na cinn is fearr ar domhan.  Tuigtear go rí-mhaith conas iad a ullmhú is a chur i láthair – bainfidh tú sásamh as an mbia blasta.  Beidh raidhse iasc úr, mairteoil is uaineoil den chéad scoth, feoil fhuar is cáis ó na ceardaithe agus mórán Éireann eile...ar aghaidh leat...tá sé tuillte agat!   Eat

Smaoinigh leis ar tháirgí tíre a cheannach ar mhargadh feirmeoirí, féadfar labhairt leis an dtáirgeoir agus triail a bhaint astu roimh ré. Téir chuig www.bordbia.ie

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image