Na hOileáin

Oileáin loma iargúlta atá ar chósta Chiarraí; is ann atá suíomh Oidhreacht Domhanda UNESCO, rianta dúile a mhair 350 milliún bliain ó shin, stair shaibhir litríochta, faillte maorga, tránna gainimh, cnoic sceirdiúla chomh maith le fásra agus ainmhithe neamhchoitianta – deis iontach taiscéalaíochta.

 Skellig

Tá dhá Charraig Sceilge – Sceilg Mhichíl agus An Sceilg Bheag, dhá chreag ard crochta os cionn an Fharraige Mhór ar Leithinis Uíbh Ráthaigh. Sampla ríthábhachtach den mhanacúileacht Chríostaí is ea an mhainistir a tógadh ar charraig rite anso idir an 6ú agus an 8ú aois.  Ach cuairt a thabhairt ar an oileán gheofar tuiscint ar an saol a chaitheadh pobal manach in áit an-iargúlta ar fad  faoin ndoineann. Cuireadh Sceilg Mhichíl ar liosta na suíomh Oidhreacht Domhanda UNESCO thiar sa bhliain 1996 agus í ar na láithreacha is tábhachtaí  in Éirinn d’éanlaithe mara. Mar shampla bíonn breis is 27 000 péire gainéad ina gcónaí anso.  Téir chuig www.skelligexperience.com

Is ar bhád a bhaintear an t-oileán amach agus an turas ag brath ar an aimsir ar ndóigh.

Oileán Dairbhre suite ar Chósta Iardheisceart Chiarraí; caithfear dul ar dhroichead thar Chaol An Caladh nó bíonn bád farantóireachta ann sa tsamhradh.  Maireann thart ar 600 duine faoi láthair ar an oileán.

www.valentiaisland.ie

Níl in iarthar an oileáin ach faillte móra Ceann Brí óna bhfuil radharc iontach le feiscint.  Is anso ar Dhairbhre a bhí an ceann scríbe thoir ag an gcéad cábla teileagraf ar bhonn gnó thar an Atlantaigh.  Dá thoradh san bunaíodh an chumarsáid úd trí chábla ar bhonn tráchtála inmharthana idir Dairbhre agus Talamh an Éisc in 1866.  Leanadh den chóras teileagraif céanna ar feadh céad bliain ina dhiaidh sin.  Labhair le muintir na háite i mBaile an Ridire, an príomh sráidbhaile agus féach ar an iontaise rian cos (teitreapód) is sine ar domhan. www.theringofkerry.com/tetrapod-tracks-on-valentia   Tabhair cuairt ar an gcairéal slinne agus féach ar an Slinne cáiliúil Dairbhre a úsáideadh i mórán foirgintí mór le rá, Parlaimint Shasana san áireamh. www.valentiaslate.com  nó téir ag spaisteoireacht trín bhfásra daite méith a thagann faoi thionchar an Sruth Murascaille.

 Tetra

Smaoinigh leis ar dhul go dtí An Blascaod Mór óna dtáinig cuid de sheanchaithe móra na hÉireannDhein siad cur síos ar phobal an oileáin úd ar imeall na hEorpa agus chruthaigh go beomhar an dinnseanchas, saol na n-oileánach agus na laethe a bhí.Do mhair daoine go leanúnach ar an mBlascaod go dtí gur tréigeadh ar fad é i 1953.  Bíonn bád ag imeacht ann i rith an tsamhraidh agus bíonn seans an lá a chaitheamh ag baint sásamh as an áilleacht nádúrtha agus as a bhfuil fágtha de shaol na ndaoine.  In Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin deintear ceiliúradh ar scéal na mBlascaodach, ar a ngaiscí suntasach litríochta agus ar a dteanga, a gcultúr agus a ndúchas.

Téir chuig www.heritageireland.ie/blascaod

agus chuig www.dingle-peninsula.ie/blaskets.html

Blaskets

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image