Réadóireacht

Ainmníodh Tearmann Spéir Dhorcha Idirnáisiúnta Chiarraí mar an chéad tearmann dá leithéid in Éirinn.  Níl ach dá thearmann eile mar é ar domhan agus is é seo an t-aon ceann amháin atá suite sa Leathsféar Thuaidh.  Ina theannta san is é an t-aon tearmann spéir dhorcha ‘beo’ mar a mbíonn pobal ina chónaí is ag obair thíos faoi bhrat na réaltaí!   

Is iad na ceantair i gCiarraí Theas atá i gceist ná :  Na Cealla, Cathair Saidhbhín, An Caladh, Oileán Dairbhre, An Gleann-Bá Fhionáin, Baile an Sceilg, An Coireán, Cathair Dónall agus Dromaid.

Sa réigiún seo tá radharc fairsing ar Bhealach na Bó Finne, Bealach Andromeda, Braislí Réaltaí is néalta agus mórán eile...bain sult as gné dorcha Chiarraí!

Tá breis eolais ar an dtearmann, ar an réigiún is ar réadóireacht ag an seoladh seo: www.kerrydarksky.com

 Stars

B’fhéidir go mb’fhearr leat na réaltaí scannán! Le fada an lá mealladh lucht déanta scannán go Ciarraí de bharr an tírdhreach iontach, an fháilte agus an traidisiún fada turasóireachta.  Anso i gCorca Dhuibhne a deineadh Ryan’s Daughter agus Far and Away; tharla The Playboy of the Western World ar Thrá na hInse agus deineadh cuid éigin den scannán nua Star Wars Episode 7 ar Sceilg Mhichíl.  Deineadh radhairc áirithe sa scannán Harry Potter & the Half-Blood Prince ar Charraig Lomáin ar chósta Chiarraí Theas.  Ar an gcuma san cuireadh an tírdhreach iontach céanna atá againne os comhair an tsaoil ar an  scáileán mór.

www.dinglefilmfestival.comwww.kerryfilm.iewww.kerryfilmfestival.com

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image