Taisteal go Ciarraí

Taisteal go Ciarraí

Tá Contae Chiarraí suite ar an gcósta is sia siar in Éirinn.  Níl thiar ná theas uaidh ach An Fharraige Mhór, ó thuaidh tá inbhear na Sionainne agus soir tá Contae Chorcaí.

AERTHAISTEAL:

Tá Aerfort Chiarraí suite lasmuigh de shrádbhaile An Fearann Fuar atá leath-slí idir Trá Lí agus Cill Airne. Chun eitilt a chur in áirithe téir chuig www.kerryairport.ie

AR AN DTRAEN:

Tá ceithre stáisiún traenach againn – Cill Airne, Trá Lí, An Fearann Fuar agus An Ráth Mhór.  Tá amchláir agus léarscáileanna le feiscint ar www.irishrail.ie

AR AN MBUS:

Téir chuig www.buseireann.ie mar a mbíonn eolas na slí agus amchláir ar fáil do na seirbhísí bus poiblí a théann go Ciarraí.

AG TIOMÁINT:

Ó Bhaile Átha Cliath – ar an M7 agus an N21
Ó Ghaillimh nó Luimneach – ar an N21
Ó Chorcaigh – ar an N22
Ó Chuan Ros Láir – ar an N25

 AR BHÁD FARANTÓIREACHTA:

Téir ón gClár go Ciarraí ar bhád farantóireachta agus seans go bhfeicfidh tú deilfeanna ag spraoi ar an slí.  Tá an sceideal seolta agus amchláir le feiscint ar www.shannonferries.com

 

Funghi

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • cssimg
  • wai-aaaimg
  • xhtml image