De thoradh chomhcheangal Chomhairlí Baile Thrá Lí, Cill Airne agus Lios Tuathail le Comhairle Contae Chiarraí, beidh údarás pleanála amháin don chontae ar fad anois.
Dá thoradh sin, tá córas uimhrithe nua á chur in áit do Chomhaid Phleanála na gComhairlí Baile. Is ar mhaithe le dúbláil ar uimhreacha na gcomhad pleanála a sheachaint, idir na trí Chomhairle Baile agus Comhairle Contae Chiarraí. Beidh an córas uimhrithe in áit ó Dhéardaoin an 8ú Bealtaine.
Is mar seo leanas an córas nua:
Ní mór do dhaoine gur mhaith leo teacht ar chomhaid phleanála na gComhairlí Baile, ar-líne nó in Oifigí na Comhairle, úsáid a bhaint as an gcóras uimhrithe nua.
Preabaigh teachtaireacht aníos ar shuíomhanna idirlín na gComhairlí Baile agus Chomhairle Contae Chiarraí chun cabhrú leat. Is féidir leanúint ort ag lorg iarratais pleanála le critéir cuardaigh eile m.sh. ainm iarrthóra, láthair forbartha srl.
Tar éis an 1ú Meitheamh 2014, nuair a bheidh deireadh le na Comhairlí Baile, beidh teacht ar gach comhad tríd an áis cuardaigh pleanála ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chiarraí.