Úsáid na Gaeilge go Poiblí

Mar cheann de na himeachtaí ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, ta Comhairle Contae Chiarraí, i bpáirt le Bord Forbartha Chontae Chiarraí, ag eagrú seimineár eolais ar Úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí.

Beidh an seimineár ‘Úsáid na Gaeilge go Poiblí’ ar siúl in Óstán Ghleann an Iolair, Déardaoin an 3ú Samhain óna 2-3.30pm le na haoichainteoirí, Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, agus an Tráchtaire Cáiliúil Micheál Ó Muircheartaigh, mar aon le hOifigeach Gaeilge na Comhairle, Roibeard Ó hEartáin.

“Is seimineár eolais é seo atá dírithe ar dhaoine ag obair san Earnáil Phoiblí, ní amháin i gCiarraí ach fud fad na tíre” adúirt Roibeard Ó hEartáin eagraí an tseimineáir.

“Tá dualgaisí áirithe ar gach comhlacht poiblí fé Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus is deis iontach é an seimineár seo chun an t-eolas agus dea-chleachtas is déanaí a fháil maidir le húsáid na Gaeilge in eagraíochtaí poiblí, ar chomharthaíocht agus i bhfoilseacháin.”

“D’fheadfadh go bhfuil baill foirne in eagraíochtaí áirithe nach bhfuil ar an eolas maidir lena ndualgaisí i leith feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is deis iontach é an seimineár seo chun teacht ar an eolas in aon ghabh amháin.
Fáilteofar roimis ionadaithe ó chomhlachtaí Comharthaíochta agus Cló a bhíonn ag obair leis an Earnáil Phoiblí chomh maith.  

Beidh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil don seimineár ar fad agus glacfar le ceisteanna ón urlár i ndiaidh gach cainteoir.

Tabhair faoi deara gur i bhformáid PDF atá na foilseacháin seo agus go bhfuil Adobe PDF Document Adobe Acrobat de dhíth lena léamh.

Póstaer Úsáid na Gaeilge go Poiblí
(Size: 201 KB)

Kerry County Council, Co. Buildings, Rathass, Tralee

Phone: (066) 718 3500     Email: info@kerrycoco.ie

  • valid css
  • wcag 1.0 AAA compliant
  • xhtml 1.0