Released: 07 Eanáir 2011
Nuacht Uisce is déanaí @10am, 5ú Eanáir 2011
Ar mhaithe le srianta uisce a sheachaint le linn na haimsire fuaire seo, molann Comhairle Contae Chiarraí go láidir do thomhaltóirí:
(a) Áitreabh gnó, talmhaíochta agus tí atá folamh a scrúdú do sceitheanna uisce
(b) Sceitheanna aimsithe a chur in iúl do Roinn na Seirbhísí Uisce – fón (066)7183503 nó rphost waterservices@kerrycoco.ie
(c) Uisce a chaomhnú – spáráil an t-uisce agus ná fág buacairí ar siúl thar oíche. Chun eolas a fháil ar chaomhnú uisce, teir ag www.taptips.ie
Eolas ar Bhailiúcháin Bhruscair:
Cuirfear tús le seirbhís bhailiúcháin bhruscair Chomhairle Contae Chiarraí aríst ar Aoine an 31ú Nollaig 2010 (Ábhair Athchúrsála). Agus beidh na gnáth bhailiúcháin bhruscair ar an Saor-Luan Bainc, an 3ú Eanáir 2011 (Boscaí Dubha le bailiú). Féach ar an bhféilire bailiúcháin bruscair thíos chun a thuilleadh eolais a fháil.
Cuirfear tús le gnáth sheirbhís bhruscair Chomhairle Baile Thrá Lí aríst Dé Máirt an 4ú Eanáir 2011.